64
AN GAOḊAL
Do 'n Fear Eagar. —
A Ṡaoí: Cuirim an dán beag so ċúgat, do rinneas an
lá fá ḋeire agus tá súil agam é do ḟeiscint in san Gaoḋ¬
al an ṁí so ċúgainn. Táim ag obair am ḋiċeall air son
do ṗáipeur breag, calma ċum é leaṫanuġaḋ ameasg na
daoineaḋ atá ag foġluim na Gaeḋilge 'san ċaṫair so —
Mise do ċara,
Malden, Mass
Padraic O'Caṫasaiġ
O'DÁLA FIONN, cct.
Dia do ḃeaṫa, a Ṁuire Ṁóir,
Aḃcaṫa as gloine ná an ġrian,
Dia do ḃeaṫa aṁall ṡuil ṡaor
A ċraoḃ ḃeaṫa, a úr ḃárr ḟial.
Dia do ḃeaṫa a ḃuime an riġ,
Am ṡeasaḋ, am ṡuiġe, am ṡuan,
Dia do ḃeaṫa a ḟaḃraḋ úr,
Aruin ṁeanma, a beaṫa buan.
Dia do ḃeaṫa a ḟolt mar ór,
Dia do ḃeaṫa aḃos mar aol,
Dia do ḃeaṫa a lón dod ġaol,
Dia do ḃeaṫa a ḃlaiṫ na n-óg.
Dia do ḃeaṫa a ġruaḋ mar ġréin,
Da luaḋ ní measda do ṁnáiḃ,
Slíġe manma is déanta ad ḋeoig,
A réiltean eóil ċalma, ċiaḋ.
Dia do ḃeaṫa, a ḃeul mar rós,
Dia do ḃeaṫa a ġeug na ngrás,
Dia do ḃeaṫa a ċraoḃ go gcnuas,
Dod ġaol suas beaṫa gan bás.
Dia do ḃeaṫa aṁalla ṁín.
A rae lán le amḃeartar buaḋ,
Dia do ḃeaṫa an am an eóil,
A ċrann seoil an ḃeaṫa ḃuain.
Dia do ḃeaṫa aḋéidġeal ḋonn,
Aoinḃean ní curṫa os do ċionn,
Air gcoṁbaḋ do ṁongṡuil ṁall,
Fá ḃárr trom, folláin, fionn.
Dia do ḃeaṫa a ḃruinioll ṡaor,
Le ár tuilleaḋ beaṫa gan ḃiaḋ,
Aġnúis ro ḃán , cneas-ġeal ċaoṁ,
Anaoiṁ bean tsaor og nár ḟial,
Fáilte uaim do ṁalla ṁín
Re saṁuil snáiṫe seang sróill,
Nó taoḃ ruaine ciorr duḃ caol,
Fár sgaoil ḃuaile díorrnaiḃ óir.
