(19)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 7.
FAḂRA,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
Duḃairt fear acu leis,
"Ḃ-fuil tú teaċt linn anoċt, a Goil-
lís"?
"Táim, go cinnte," ar Goillís.
"Má táir, tar uait," ar san fear
beag, ⁊ amaċ leo uile go léir, le ċéile,
a marcuiġeaċt mar an ġaoiṫ, níos
luaiṫe ná 'n capall is eutroime a ċon-
nairc tú riaṁ a fiaḋaċ, ⁊ níos luaiṫe
ná 'n sionnaċ ⁊ na gaḋair ag a ear-
ball.
An ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ a ḃí rómpa do
rug siad uirri, ⁊ an ġaoṫ ḟuar ġeiṁ-
riḋ do ḃí 'na n-diaiġ ní rug sí orra-
san, ⁊ stop ná stad ní ḋeárnaiḋ siad
de 'n láinriṫ sin nó go d-tainic siad
go bruaċ na fairge.
Duḃairt h-uile ċeann acu in sin,
"Éiriġ ⁊ ṫart leat, éiriġ agus ṫart
leat"
Agus ar an móimeud d'éiriġ siad
suas ins an aer, ⁊ sul do ḃí am ag
Goillís le cuiṁniuġaḋ cia raḃ sé, ḃí
siad ṡíos ar an talaṁ tirm arís, ⁊ ag
imṫeaċt mar an ġaoiṫ.
Ṡeasadar ar deireaḋ, ⁊ duḃairt
fear acu le Goillís,
"A Ġoillís ḃ-fuil fios agad cá ḃfuil
tú anois?"
"Ní 'l," arsa Goillís.
Tá tú 'san Róiṁ, a Ġoillís," ar sé,
"agus támuid le dul níos fuide ná sin.
Tá inġean Riġ na Fraince le ḃeiṫ pós-
ta anoċt, an ḃean is deise d'a ḃ-faca
an ġrian ariaṁ, ⁊ caitfeamuid ar n-
