díṫċioll a ḋeunaḋ í do ṫaḃairt linn
féin, má ṫig linn a fuadaċ ar ṁóḋ ar
biṫ, & caifiḋ tusa a ṫeaċt linn, i rioċt
go guirfimid an inġean óg suas ar do
ċúl ar an g-capall, nuair a ḃeiḋ sinn d'a
fuadaċ, mar ní dlisteanaċ dúinne é í
do ċur na suiḋe ar ar g-cúl-ne, aċ is
fuil & feoil ṫusa, agus tig léiṫe greim
maiṫ ḟáġail ort, ar ṁóḋ naċ d-tuitfiḋ
sí, a nuair a ċuireamuid ar an g-cap¬
all í. Ḃ-fuil tú sásta, Ġoillís, agus i
n-deufaiḋ tú a ḃ-fuil muidne a ráḋ
leat?"
"Tuige naċ m-beiḋinn sásta," arsa
Goillís, "tá mé sásta go cinnte, agus
rud ar biṫ a ḋeurfas siḃse liom a
ḋeunaḋ, deunfaiḋ mé gan aṁrus é, aċ
cá ḃ-fuil muid anois? Cad é 'n áit í
seo?" a duḃairt sé.
"Tá tú ins an Róiṁ anois a Ġoillís,"
ar san t-Siḋeog.
"Anns an Róiṁ, in ṡeaḋ?" arsa
Goillís, "go deiṁim & gan ḃréig is
maiṫ liom sin. An Sagart-paráiste
a ḃí againne do ḃí sé briste tamall ó
ṡoin, & ċaill sé a áit. Caiṫfiḋ mé ḋul
aig an ḃ-Pápa go ḃ-fáġ' mé bulla uaiḋ
a ċuirfeas air ais é iona áit ḟéin arís"
"O, a Ġoillís," arsan t-Siġeog, "ní
ṫig leat sin a ḋeunaḋ ; ní leigfiġear a
steaċ san b-pálás ṫú; agus ar ṁóḋ ar
biṫ ní ṫig linne fanaṁuint inseo nuair
atá tusa leis an b-Pápa, tá deifir or¬
rainn."
"Oiread & cos ní raċfaiḋ mé níos
fuide," arsa Goillís, "go raċfaiḋ mé
ċuig an bPápa, aċ tig liḃ-se ḋul ar ḃur
n-aġaiḋ gan mise, má's maiṫ liḃ é, aċt
ní ċoróċaiḋ mise go raċfaiḋ mé do 'n
Ṗápa & go ḃ-fáġ' mé párdún mo ṡag¬
airt-paráisde uaiḋ."
"A Ġoillís, an air díṫċéille atá tú?
Ní ṫig leat a ḋul ann, & sin é d' ḟrea¬
graḋ anois ḋuit, innsím duit naċ d-tig
leat a ḋul ann."
"Naċ d-tig liḃ-se ḋul ar ḃur n-aġaiḋ
& mise ḟáġail inseo in ḃur n-diaiġ," ar
sa Goillís, & nuair a ṫiucfaiḋ siḃ air
ais in seo naċ d-tiucfaiḋ liḃ an cailín
árdúġaḋ suas ar mo ċapall-sa ar mo
ċúl?"
"Aċ béiḋ tú tasdáil uainn ag pálas
Riġ na Fraince," ar san t-Siġeog. "&
caṫfiḋ tú ṫeaċt linn anois."
"Diaḃal cos," arsa Goillís, "go ḃ-
fuiġiḋ mé párdún an t-sagairt, an
duine is macánta & is greannṁaire
d'a ḃ-fuil in Éirinn."
Laḃair Siġeog eile insin, & duḃairt
sé,
"Ná bí ċo cruiḋ sin ar Ġoillís, tá'n
buaċaill cineálta, & tá croiḋe maiṫ
mór aige, & mar naċ maiṫ leis ṫeaċt
linn gan bulla 'n Ṗápa, caiṫfimid ar
n-díṫċioll a ḋeunaḋ le n-a ḟáġail ḋó.
Raċfaiḋ seisean & mise asteaċ do'n
Ṗápa & tig liḃ-se fanaṁuint linn inseo"
"Míle buiḋeaċas duit," arsa Goillís
"tá mé réiḋ le ḋul leat; & an sagart
seo, is é an fear is greannṁaire & is
poirteaṁla ar biṫ.'
"Tá 'n iomarcaḋ caint agad, a Ġoil¬
lís," ar san t-Siġeog, "tar uait anois.
Tuirling de 'n ċapall, & beir ar mo
láiṁ-se."
Ṫuirling Goillís de 'n g-capall, agus
rug sé ar láiṁ na Siḋeóige, & duḃairt
an duine ḃeag cúpla focal ná'r ṫuig
Goillís, & sul do ḃí ḟios aige cia raḃ
sé, fuair sé é féin ins an seomra iona
raḃ an Pápa.
Ḃí 'n Pápa 'na ṡuiḋe suas go mall a
n-oiḋċe sin, mar ḃí leaḃar le léiġeaḋ
aige a raḃ spéis ṁór aige ann. Ḃí sé
in a ṡuiḋe i g-caṫaoir ṁóir ḃuig agus
a ḋá ċois árduiġṫe suas ar ċlár an t
similéir, & ḃí teine ḃreáġ ṁóna anns
an ngráta, agus bord beag na ṡeasaḋ
ag a uillinn, agus ḃí braon beag uisge-
beaṫa i g-corn gloine, agus uisge teiṫ
agus siúcra i soiġṫiġe eile, 'na seasaḋ
ar an m boirdín agus níor ṁoṫuiġ sé
no go d-tainic Goillís ar a ċúl.
"Anois a Ġoillís," ar san t-Siḋeog,
"abair leis mur d-tiúḃraiḋ sé 'n bulla
ḋuit go g-cuirfiḋ tú 'n seomra ṫré la¬
saḋ, agus má ḋiúltóċaiḋ sé ḋuit é,
steallfaiḋ mise teine as mo ḃeul ṫart
timċioll, go saoilfiḋ sé go ḃ-fuil an
áit ṫré lasaḋ dáririḃ, agus mise mo
bannaiḋ go mbéiḋ sé réiḋ go leor an
párdún do ṫaḃairt ḋuit in sin."
