(20)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 8
AIBREÁN,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
maċ as a ḃeul ⁊ ṡaoil an Pápa go raḃ
an seomra uile ar lasaḋ
Ġlaoiḋ sé amaċ, "Léirsgris síorruiḋ!
ḃeurfuiḋ mé 'n párdún ḋuit, ḃeurfuiḋ
mé rud ar biṫ ḋuit, aċ coisg do ṫeine
⁊ ná dóiġ mé in mo ṫeaċ féin."
"Tá mé buiḋeaċ de d' onóir," ar sa
Goillís, ⁊ ċoisg an t-siḋeog an teine,
⁊ b' éigin do 'n Ṗápa suiḋe síos ⁊ pár-
dún iomlán sgíoḃaḋ do 'n t-sagart, ⁊
a ṡean áit do ṫaḃairt ar ais ḋó; ⁊
in uair a ḃí sé réiḋ sgríoḃṫa aige ċuir
sé a ainm faoi, ar an b-páipeur, ⁊ do
ċuir sé i láiṁ Ġoillís é.
"Go raḃ maiṫ ag d' onóir," ar Goill-
ís, "ní ṫiucfaiḋ mé go bráċ arís in
seo ċugad, ⁊ beannaċt leat."
"Ná tar," ars an Pápa, "má ṫig tú
béiḋ mise réiḋ roṁat, ⁊ ní imṫoċaiḋ
tú uaim ċo foras sin arís. Béiḋ tú
dúinte suas i b-príosún ⁊ ní ṫiucfaiḋ
tú amaċ as go bráċ."
"Na bioḋ faitċíos ort, ní ṫiocfaiḋ
mé ann arís," arsa Goillís, ⁊ sul d'
ḟeud sé níos mó ráḋ do laḃair an t-
Siḋeog cúpla focal, ⁊ rug sé ar láiṁ
Ġoillís arís, ⁊ amaċ leo. Fuair Goill-
ís é féin ameasg na Siḋeog eile ⁊ a
ċapall i fanaṁuint leis.
"Nois a Ġoillís," ar siad, "is mor an
bacaḋ a ċuir tú orrainn, aċ tar uait
anois ⁊ na cuir roṁat a leiṫeid de
ċleas a ḋeunaḋ orrainn arís, mar naċ
ḃfanfamuidne leat."
"Tá mé sásta," arsa Goillís, "agus
