tá mé buiḋeaċ ḋíḃ, aċ innis dam a ḃ-
fuillmid le ḋul anois."
"Támuid le ḋul go palás Riġ na
Fraince," ar siad, "agus má ṫig linn,
ar nós ar biṫ, támuid le n-a inġin a
ḟuadaċ linn,"
Duḃairt h-uile ḟear acu an focal,
"Éiriġ a ċapaill."
Ann sin ṫoisiġ na caiple a léimneaḋ
& a riṫe agus ag promsáil. An ġaoṫ
ḟuar ġeiṁriġ do ḃí rómpa do rug siad
uirri, & an ġaoṫ do ḃí in a ndiaiġ ní
rug sí orra-san, & níor stad siad de
'n rása sin no go raḃ siad ċo fada le
pálás Riġ na Fraince.
Táinic siad anuas d'a g-capuilliḃ in
sin, & duḃairt fear acu focal nár ṫuig
Goillís, & ar an móimeud, ḃí siad go h-
uile tóigṫe suas, agus fuair Goillís é
féin & a ċomráidiḋ ins an bpálas.
Ḃí fleaḋ (féasta) mór d'a ċaṫaḋ
acu in sin & ní raḃ fear-uasal nó
duine mór in san ríoġaċt naċ raḃ
cruinniġṫe le ċéile insin roiṁe, agus ḃí
siad gleusta amaċ le síoda & sról, le
ór & le airgiod, & do ḃí an oiḋċe ċo
geal leis an lá ins an áit sin leis an
méid coinnioll & lampa do ḃí lasta
ann; & níor ḟeud Goillís an t-aṁarc
an breáġ soilseaċ sin do ṡeasaṁ agus
ḋruid sé a ḋá ṡúil.
Nuair i d'ḟosail sé arís iad in sin,
& nuair i ḋearc sé uaiḋ, ṡaoil sé naċ
ḃ-facaḋ sé aon rud ariaṁ ċo breáġ
leis an meud do ċonnairc sé Ḃí ceud
bord leagṫa amaċ & a lán bí & diġe ar
gaċ bord acu, feoil & cácaiḋ & milseo¬
ga, & fíon & lionn & gaċ deoċ d'a bfa¬
ca duine riaṁ
Ḃí fir-ceoil ag ḋá ċeann na h-alla
sin, & iad ag seinm an ċeoil buḋ ṁilse
do ċualaiḋ cluas duine i riaṁ, & do ḃí
tuilleaḋ daoine, mná óga & ógánaiġ
galánta i lár an h-alla sin, ag daṁsa
& ag duenaḋ ringce, & ag dul ṫart ċo
luaṫ & ċo h-eudtrom sin gur ċuir sé
"suarán" i g-ceann Ġoillís le ḃeiṫ ag
dearca orra. Ḃí tuille ann a deunaḋ
cleasa, & tuilleaḋ ag deunaḋ grinn &
gáire, mar naċ raḃ a leiṫeid de ḟeus¬
ta ins an ḃFrainc le fiċe bliaḋain a's
do ḃí an lá sin, mar naċ raḃ aon ċlann
beo ag an t-sean riġ aċt aon inġean
aṁáin, & ḃí sí le ḃeiṫ pósta le mac
riġ eile an oiḋċe sin. Trí lá ḃí an
feusta 'ġa ċaṫaḋ & ḃí sí le ḃeiṫ pósta
an tríoṁa h-oiḋċe, & buḋ h-í sin an
oiḋċe a ṫáinic Goillís & na Siḋeoga a
súil leis an inġean óg d'iomċar leo dá
ḃfeudfaidís.
Ḃí Goillís & a ċomráidiḋ 'na seasaṁ
le ċéile ag ceann na h-alla 'n áit i raḃ
altóir ḃreáġ ġleusta, & ḋá easbog ar
a cúl, ag fanaṁuint leis an g-cailín a
ṗósaḋ nuair i ḃeiḋeaḋ an t-am ceart
ann. Níor ḟeud duine ar biṫ na Siḋ¬
eoga d'ḟeicsint mar duḃairt siad fo¬
cal nuair a ṫáinic siad asteaċ a rinne
do-ḟeicsinte iad, aṁuil & naċ raḃadar
ann ar ċor ar biṫ.
"Innis ḋam cia acu inġean an Riġ?'
arsa Goillís, nuair i ḃí sé 'g éiriġe
cleaċtaċ leis an torann & leis an sol¬
us. "Naċ ḃfeiceann tú uait in sin í,"
ars an fear beag a ḃí deunaḋ cainte
leis. Ḋearc Goillís an bealaċ ar ṡín
an fear beag a ṁeur & in sin ċonnairc
sé an óigḃean buḋ ḃreáġṫa & buḋ ḋeise
do ḃí, dar leis, ar ḋruim na talṁan.
Ḃí 'n rós & an lile ag troid le ċéile in
a h-eudan, & ní ḃioḋ ḟios ag duine cia
acu fuair an ḃuaiḋ ḃí a riġṫe agus a
láṁa mar an aol; ḃí a beul ċo dearg
le súġ-talṁan & é aipiḋ ; ḃí a cos ċo
beag & h-eudtrom le láiṁ ḋuine eile,
ḃí a cruṫ mín & seang, & ḃí a gruaig
ag tuitim anuas d'a ceann 'nna mbuc¬
laiḃ óir. Ḃí a culaiḋ & a casóg fiġte
le ór & le airgiod, & an ċloċ ġeal a
ḃí 'san ḃfáinne ar a meur do ḃí sí ċo
soilseaċ leis an ngréin.
Ḃí Goillís beagnaċ dallta leis an m¬
breáġaċt & an sgéiṁ a ḃí innti. Ḋearc
sé arís & ċonnairc sé, mar ṡaoil sé
go raḃ sí ag gul, nó go raḃ lorg deor
in a súil.
"Ní féidir," arsa Goillís, "go ḃfuil
brón uirri, nuair atá gaċ h-uile ḋuine
in a timċioll ċo súgaċ spóirteaṁuil
sin."
"Tá sí brónaċ," ars an fear beag,
