94
AN GAOḊAL.
EIRIĠIM AIR MAIDIN.
BY P CASEY, Malden, Mass.
1
Eiriġim ar maidin nuair a ġealann an lá,
Ar mo ġlúiniḃ do ṫagaim ċum mo ṗaidir do ráḋ,
Ḃeirim glóire do 'n ṁac mar sé d'ḟullaing an ṗáis,
Agus do ḟosguil na flaiṫis d'ar n-anam go bráṫ;
Is mór ag an duine do ḋeineann a réir,
Agus naċ g-cuireann ar fearg, a gcaiṫeaṁ a ṡaoġail,
Airṫiġ déan feasda, agus seaċain an claon,
An te is naoṁṫa ar an talaṁ ní'l lease ar a ṡaoġal.
2
Is duine boċt mise a's oibriġim go geur,
Lem leacain biḋeann allus ag caiṫeaṁ an lae.
Ní'l snó ar mo ḃallaiḃ a's do ċailleas mo sgéiṁ,
An te ċiḋfir gan dadaṁ carannaċt déin :
Do ḟoġluimiġeas teagasg ó ṫeaċaraiḋe Dé,
Deirim an Ṗaidir a's níor ċailleas an Ċré,
Duine gan baisdeaḋ is dorċaḋ é a ṡaoġal,
Go raiḃ solus 'n ar ḃ foċair agus grása ṁic Dé.
3
Feuċ ar an g-connairt! tá siad ag tuitim go treun.
Ċiḋfear dísg ar a n-deire, agus feallsa ar a dtaoḃ
Do ċlosais an Record ag sagart d'a léiġeaḋ,
Ḃí an ġraiṫin i n-aice, níor ḃacadar é ;
Ḃí leaḃar Laidin 'na ḋorn agus stáidse ḃí sé,
Do ṫainig air fearg agus d' adṁuiġ sé,
Do luċt fola do ḋórta gur ḃ'eaḋ na bodaiḋ go léir,
Is ba suaraċ an molaḋ ar ċoigcrioċ breun.
4
Sais do ḃí casta timċeall a ċléiḃ,
Brat do ḃí in aice agus cruit le 'n a ṫaoḃ,
Ḃí gasa d' ḟearaiḃ ó Ṁalloṁ an go treun,
Siad do ġlanaḋ an talaṁ agus do ċaiṫfeaḋ na peileir;
Ṫainig aiteas go tapaiġ ar na fíoraoin
Do ḃí an droiġin duiḃ 'a ġlacaiḃ & daṫ mar a smeir,
Beiḋ teagasg na sagart im' ḃallaiḃ lem' ṡaoġal,
Sé 'n t-Aṫair do ṁaiṫeann ar m-bearta go léir.
5
Duine seaḋ mise ná ṫigeann an léiġean,
Is déiġionaċ do ṫuigim, gan ċuire faoi 'd ḋéin.
Ba ċroiḋe liom tu ḟeicsint cé naċ ḃ-fuilir ad' ċaon,
Mar is eudtrom tapaiġ do sgrioḃan tú léd' ṁéir.
Do rinncfinn seaċt neiṫe tamall dem' ṡaoġal,
Is lúṫṁar do riṫfinn is b'aird í mo léim,
Aċt tá'n ċrionaċt ag druideaṁaint 's gluise san spéir
Agus na torra tá ag tuitim ó ḃarraiḃ na ngeug
6
Ceud molaḋ le Muire do ḃeannaiġ an t-eun
Do ḃí ag an lúdeaċ sa ċu re gan ribe ar a ṫaoḃ,
D' éiriġ ina ḃ-foċair agus do leig na trí ġlaoḋ,
