(21)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 9.
Ṁí-ṀEAḊÁIN,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
mar duḃairt sí go raḃ sí ro óg. Ṫug
an Riġ cáirde bliaḋna ḋi, ⁊ an uair a
ḃí an ḃliaḋain sin imṫiġṫe ṫug sé cáir-
de bliaḋna eile ḋi, ⁊ in sin bliaḋain
eile, ⁊ seaċtṁain nó lá ní ṫiuḃraḋ sé
ḋi níos mó, ⁊ tá sí oċt m-blaḋna deug
anois ⁊ agus is miṫid di pósaḋ, aċt
deiṁin," ar seisean, ⁊ ċam sé a ḃeul
le gáire gráineaṁail, "go deiṁin ní
mac Riġ a ṗósfaiġ sí, má ṫig liom-sa
é."
Ġlac Goillís truaġ ṁór do 'n óg-
ṁnaoi áluin, nuair a ċualaiḋ sé sin, ⁊
ḃí a ċroiḋe briste nuair ṡaoil sé go m
buḋ éigin di an fear a ṗósaḋ naċ raḃ
aon dúil aice ann, no (rud buḋ ṁeasa
ná sin) siḋeog ġránna ġlacaḋ mar
ḟear: aċ níor laḃair sé aon ḟocal,
ciḋ nár ḟeud sé gan iomaḋ mallaċt
a ṫaḃairt do 'n ṁí-áḋ do ḃí i ndán dó
féin, ⁊ é ag congaṁ leis an dream do
ḃí le na fuadaċ ó n-a teaċ ⁊ ó n-a h-a-
ṫair.
Ṫosuiġ sé ag smuaineaḋ ann sin
creud do buḋ ċóir dó ḋeunaḋ le n-a
sáḃáil, aċt níor ḟeud sé cuiṁniuġaḋ
ar ḋadaiḋ. "O dá d-tiucfaḋ liom co-
ḃair no fóiriġin ṫaḃairt di, buḋ ċuma
liom beo no marḃ mé," ar sesean in a
inntinn féin, "aċt ní ḟeicim rud ar
biṫ is féidir liom a ḋeunaḋ ḋi."
Ḃí sé a dearcaḋ in sin mar ṫáinic
mac an riġ suas ċuici, ⁊ é ag iarruiḋ
póige uirri, aċt d'ionntaiġ sí a ceann
uaiḋ. Ḃí truaġ ḋúbalta ar Ġoillís in
