sin, nuair a ċonnairc sé an buaċaill a
breiṫ ar a láiṁ ḃáin, ṁín & ġá tarr¬
aing aṁaċ le ringce. Ċuaiḋ siad ṫart
'san daṁsa i ḃfogus do Ġoillís & buḋ
leur dó go maiṫ go raḃ deor in a súil.
Nuair i ḃí an daṁsa sin ṫart, ṫáin¬
ic a haṫair, an sean-Riġ, & a máṫair,
an ḃainrioġan, asteaċ, & duḃairt siad
gurb' é sin an t am ceart le n-a pós¬
aḋ, go raḃ an t-easbog réiḋ, & a leab¬
uiḋ gleusta, & go mbuḋ miṫid di ḃeiṫ
tugṫa d'a fear anois, agus fáinne an
ṗósta do ċur uirri.
Ċuir an sean-Riġ gáire as, "dar m'
onóir" ar sé, "tá 'n oiḋċe beagnaċ
caiṫṫe, deunfaiḋ mo ṁaċ oiḋċe ḋó
féin, raċfaiḋ mise i m-bannaiḋ naċ n-
éireoċaiḋ sé go moċ amáraċ."
"Maiseaḋ b'ḟéidir go n éireoċaiḋ,"
ar san t-Siḋeog le Goillís, in a ċluais
"B'ḟéidir naċ in a leabuiḋ i raċaiḋ sé
anoċt, ha ha ha."
Níor ṫug Goillís aon ḟreagaḋ ḋó,
mar ḃí a ḋá ṡúil dul amaċ as a ċeann
ag faire creud do ḋeunfaḋ siad in
sin.
Rug an Rig ar láiṁ an ógánaiġ, & rug
an Ḃainríoġan ar a h-inġín, & ċuaiḋ
siad suas go 'n altóir le ċéile, & na
tiġearnaiḋ agus na daoine móra uais¬
le ġ'a leanaṁaint.
Nuair i ṫáinic siad i ḃfogus don al¬
tóir, & nuair naċ raḃ siad mórán níos
fuide ná ceiṫre slata uaiṫi, do ṡín an
t-Siḋeog ḃeag a ċos amaċ roiṁ an g-
cailín, & ṫuit sí. Sul d' ḟeud sí éiriġe
arís ċaiṫ sé rud éigin as a láiṁ uirri
& duḃairt sé cúpla focal, & ar an b-
puinte ḃí'n óig-ḃean imṫiġṫe as ameasg.
Níor ḟeud duine ar biṫ a feicsint,
mar rinne an focal sin do-ḟeicsinte í.
Rug an firín beag uirri & d'árduiġ sé
suas ar ṁuin Ġoillís í, & ní ḟacaiḋ 'n
Riġ nó duine ar biṫ eile iad, aċ amaċ
leo ar fud na h-alla go an doras.
Oro! Ṁuire ḋílis, is ann sin a ḃí 'n
truaġ & an buaiḋreaḋ & an caoineaḋ
& an t-iongantas & an cuartuġaḋ, &
an rúcán nuair i d'imṫiġ an ḃean-uas¬
al sin ó n-a súiliḃ & gan iad a ḟeicsint
creud do rinne é. Amaċ ar ḋoras an
ṗáláis leo, gan i ḃeiṫ bacṫa nó bárrṫa
mar naċ ḃfaca aonduine iad, & "Mo
ṡrian, mo ċapall 's mo ḋiallaid," ar
gaċ fear aca ; "mo ṡrian, mo ċapall
's mo ḋiallaid!" ar Goillís, & ar an
móimeud ḃí an capall in a ṡeasaḋ
réiḋ uġamuiġṫe os a ċoinne.
"Nois léim suas, a Ġoillís," ars an
fear beag, "agus cuir an ḃean-uasal
ar do ċúl & béiḋmid ag imṫeaċt. Ní
fada uainn an ṁaidin anois."
D árduiġ Goillís í ar ṁuin a ċapaill
féin, & léim sé féin suas róimpi, agus
"Éiriġ, a ċapaill", ar sé, & ċuaiḋ an
capall in a láin-riṫ & na caiple eile
leis, no go d-táinig siad go dti an
ḟairge
"Éiriġ & ṫart leat," ar gaċ fear
aca, "Éiriġ & ṫart leat," ar Goillís, &
ar an móimeud d'éiriġ an capall faoi
& rinne sé léim ins na speurṫaiḃ agus
ṫáinic sé anuas in Éirinn.
Níor stad siad in sin aċt ċuaiḋ
in a rása go dti 'n áit in a raḃ teaċ
Ġoillís, & an ráṫ, & nuair ṫainic siad
ċo fada leis, d'iompuiġ Ġoillís & rug
sé le n-a ḋá láiṁ ar an g-cailín óg &
léim sé síos de 'n g-capṫall, ag ráḋ,
"Goirim agus coisricim ċugam péin ṫú
'n ainm Dé."
Ar an m-ball sul do ḃí 'n focal a¬
maċ as a ḃeul, ṫuit an capall síos, aċ
cad do ḃí ann aċ sail ceuċta i ndeár¬
na siad-san capall de; agus gaċ uile
ċapall a ḃí aca buḋ mar sin a rinnea¬
dar é. Ḃí cuid acu ag marcuiġeaċt
ar ṡean sguaiḃ, & cuid eile ar ḃata
briste, & cuid eile ar ḃuaċalán, no ar
ḟórán
Ġlaoḋ na daoine maiṫe go léir an
uair i ċualaiḋ siad creud a duḃairt
Goillís, —
"A Ġoillís a ḃodaiġ, a Ġoillís a ḃiṫ¬
eaṁnaiġ; ná raḃ maiṫ agad a Ġoillís;
cia 'n fáṫ ar imir tú 'n cleas sin or¬
rainn?"
Aċ ní raḃ cuṁaċt ar biṫ acu ar an
g-cailín d'ḟuadaċ leo 'réis Goillís a
coisricṫeaḋ ḋó féin.
