AN GAOḊAL.
97
"O a Ġoillís nach deas an obair í
sin a rigne tú ḋúinn & sinne ċo ċin¬
eálta sin leat-sa. Cad é 'n maiṫ a¬
tá againn anois as ar d-torus go dti
an Róiṁ, & go dti 'n Ḟrainc. Ná bac
leis go fóill, a ḃodaiġ! aċ íocfaiḋ tú
sin am eile, creid sinne go m-béiḋ aiṫ¬
ṁeul ort."
"Ní béiḋ aon ṁaiṫ aige le gáġail as
an g-cailín óg," ars an firín beag do
ḃí ag caint le Goillís annsan b-pálás
roiṁe sin, & mar duḃairt sé 'n focal
ḋruid sé anonn leis an óig-ḃean agus
ḃuail sé bos ar a leiṫceann.
"'Nois," ar sé, "béiḋ sí gan caint
feasta 'Nois, a Ġoillís cad é 'n ṁaiṫ
ḋuit-se í, nuair i ḃéiḋ sí balḃ? Is mi¬
ṫid ḋúinn imṫeaċt, aċ béiḋ cuiṁne ag
at orrainne, a Ġoillís na g-cos duḃ!"
Nuair i duḃairt sé sin ṡín sé a ḋá
láiṁ amaċ, & sul d'ḟeud Goillís aon
ḟreagraḋ ṫaḃairt ḋó, ḃí sé ḟéin & an
ċuid eile ḋíoḃ imṫiġṫe asteaċ annsan
ráṫ ar a aṁarc & ní ḟacaiḋ sé iad
níos mó
D'iompuiġ sé ċuig an óig ṁnaoi &
duḃairt sé léiṫe,
"Buiḋeaċas le Dia, tá siad imṫiġṫe;
naċ feárr leat fanaṁaint liom-sa ná
leo-san?"
Níor ḟreagair sí focal. Tá buaiḋ¬
reaḋ & brón uirri fós, ar Goillís in a
inntinn féin, & laḃair sé léiṫe arís.
"Tá faitċios orm go g-caiṫfiḋ tú 'n
oiḋċe seo i ċaṫaḋ i d-teaċ m' aṫar, a
ḃean-uasail, & má tá aon niḋ is féid¬
ir liom-sa i ḋeunaḋ ar do ṡon, innis
dam é & béiḋ mé mo ṡearḃḟóġanta
ḋuit."
D' ḟan an cailín breáġ, sgiaṁaċ 'na
tost, aċ ḃí deora in a súiliḃ, & ḃí a h-
eudan bán & dearg 'r éis a ċéile.
"A bean-uasail," arsa Goillís, "inn¬
is dam creud buḋ ṁaiṫ leat a ḋeunaḋ
anois. Nior ḃain mise ċor a biṫ leis
an dream siḋeoga sin a rug leo ṫú
Is mac feilméara cneasta mé, & ċuaiḋ
mé leo i ngan ḟios dam. Má ṫiucfaiḋ
liom do ċur air ais go d'aṫair deun¬
faiḋ mé é, & guiḋim ort úsáid ar biṫ
is mian leat do ḋeunaḋ ḋíom anois."
Ḋearc sé in a h-eudan & ċonnairc sé
an beul ag coruġaḋ aṁail a's dá m-
beiḋeaḋ sí dul a laḃairt, aċ níor ṫai¬
nic aon ḟocal as.
"Ní féidir," arsa Goillís, "go ḃ-fuil
tú balḃ, mar ċualaiḋ mé ṫú ag caint
le mac an riġ annsa b-pálas anoċt.
Nó an ndéarna 'n diaḃal sin balḃ dá¬
ríriḃ ṫú, nuair a ḃuail sé a láṁ ġrán¬
na ar do ġiall?"
Ṫóig an cailín a láṁ ṁín ḃán, agus
leag sí a meur ar a teanga ag tais¬
beáint ḋó gur ċaill sí a guṫ & a caint
& riṫ na deora amaċ as a ḋá súil san
am ceudna ċo luaṫ le sruṫán, agus go
deiṁin ní raḃ súile Ġoillís féin tirm,
mar, ċo garḃ a's ḃí sé taoḃ amuiġ, do
ḃí croiḋe bog aige, & níor ḟeud sé aṁ¬
arc an ċailín óig a ṡeasaṁ, & í ins an
rioċt mí-áḋaṁuil sin.
Ṫosuiġ sé ag smuaineaḋ leis féin
creud buḋ ċóir dó a ḋeunaḋ, & níor
ṁaiṫ leis a taḃairt a ḃaile leis féin
go teaċ a aṫar, mar ḃí ḟios aige go
maith naċ g-creidfeaḋ siad é, go raḃ
sé ins an ḃ-Frainc & go d-ṫug sé air
ais leis inġean Riġ na Fraince, & ḃí
faitċíos air go ndeunfaḋ siad magaḋ
faoi 'n óg-ṁnaoi uasail, nó go g-cuir¬
feaḋ siad droċ-aiġneas uirri.
Nuair i ḃí sé mar sin in aṁras ṁór
& gan ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé,
ṫárla gur ċuir sé a láṁ in a ṗóca, &
fuair sé páipeur ann; ṫarraing sé a¬
maċ é & breaṫnuiġ sé air, agus ar an
móimeud d'aiṫin sé bulla 'n Ṗápa
"Glóir do Ḋia," ar sé, "tá ḟios ag¬
am anois creud do ḋeunfaiḋ mé, ḃéar¬
faiḋ mé liom go teaċ an t-sagirt í, &
nuair ḟeiceas sé a ṗárdún inseo, ní
ḋiúltóċaiḋ sé ḋam an ḃean-uasal do
ċongḃáil, & a coṫuġaḋ."
D'iompuiġ sé do 'n óig-ṁnaoi arís &
d'innis sé ḋí go raḃ leisg air í ṫaḃairt
go teaċ a aṫar, aċ go raḃ sagart
(Le ḃeiṫ leanta.)
To get the Gaelic Journal. Send 6s to the Man¬
ager, Mr. John Hogan, 8 Leeson Park-avenue,
Dublin, Ireland.
