(22)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10.
LUĠNÁSA,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
maith macánta do ḃí muintreaċ leis
féin, ⁊ go d-tiúḃraḋ seiseann aire
ṁaiṫ dí, dá mbuḋ ṁaiṫ léiṫe fanaṁ-
aint in a ṫeaċ-san, aċ dá mbeiḋeaḋ
aon áit eile do b'ḟearr léiṫe go dtiúḃ-
raḋ sé do 'n áit sin í.
Ċrom sise a ceann, ⁊ ṫaisbeán sí
ḋó go raḃ sí buiḋeaċ, ⁊ ṫug sí le tuig¬
sint ḋó go raḃ sí réiḋ le n-a leanaṁ-
aint in áit ar biṫ do ḃí sé dul. "Raċ-
amuid go teaċ an t-sagairt, mar sin,"
ar sé, "agus tá sé faoi oibliogáid
ḋaṁsa, ⁊ deunfaiḋ sé rud ar biṫ a
déarfas mé.
Ċuaiḋ siad, mar sin, go teaċ an t-
sagairt le ċéile, ⁊ ḃí 'n ġrian go dír-
eaċ ag éiriġe nuair a ṫáinig siad go
dti 'n dorus. Buail Goillís go láidir
é, ⁊ ċo moċ a's ḃí sé, do ḃí 'n sagart
maiṫ in a ṡuiḋe, ⁊ d'ḟosgail sé 'n do-
rus, é féin. Ḃí iongnaḋ air nuair a
ċonnairc sé Goillís ⁊ an caillín, ⁊ ḃí sé
cinnte gur b'ag iarraiḋ ḃeiṫ pósta do
ḃí siad.
"A Ġoillís na g-cos duḃ, naċ deas 'n
buaċaill ṫú!" ar sé, "naċ d-tig leat
fanaṁuint go d-ti 'n deiċ a'ċlog, nó
go d-ti 'n dó-ḋeug, aċ go g-caiṫfiḋ tú
ḃeiṫ teaċt ċugam ag an uair seo ag
iarruiḋ pósta, ṫú féin ⁊ an ġeirseaċ,
tá sé ro ṡonnda. Buḋ ċóir fios a ḃeiṫ
agad go ḃ-fuil mé briste, ⁊ naċ d-tig
liom do ṗósaḋ, ar ṁóḋ ar biṫ naċ d-
tig liom do ṗósaḋ go dlisteanaċ — aċ
ababú!" ar sé, go h-obann, mar ḋearċ
