sé ar an óig-ṁnaoi arís, "i n-ainm Dé
cia atá agad inseo? cia ḃfuair tú í,
nó cia h-í?"
"A aṫair," ar Goillís, "tig leat mé
féin no duine ar biṫ eile ṗósaḋ feas¬
ta, má's mian leat é, aċ ní ag iarruiḋ
pósta ṫáinic mé ċugad, aċ le taḃairt
an ṗáipéir seo ḋuit, & le iarruiḋ ort
má's é do ṫoil é, lóisdín in do ṫeaċ a
ṫaḃairt do 'n óig-ṁnaoi uasail seo,' &
leis sin ṫarraing sé bulla 'n Ṗápa a¬
maċ, & tug sé do 'n t-sagart le léiġ¬
eaḋ é.
Ġlac an sagart é & léiġ sé é, agus
ḃreaṫnuiġ sé go geur ar an sgríḃinn
& ar an seula, & ní raḃ aon aṁrus air
naċ raḃ sé n-a ḃulla ceart ó láiṁ an
Ṗápa.
"Cia ḃfuair tú é seo," ar sé le Goil¬
lís, & ḃí an láṁ ann ar ċongḃaiġ sé 'n
páipeur ag creaṫa le iongantus & le
luṫġáire.
"O maiseaḋ," ar Goillís, go h-aoraċ
go leor, "fuair mé aréir é insa Róiṁ:
d'ḟan mé cúpla uair in san g-caṫair
sin nuair ḃí mé ar mo ḃealaċ ċum an
óig-ḃean seo (inġean Riġ na Fraince)
do ṫaḃairt ar ais liom."
Ḋearc an sagart air aṁail a's dá
m-beiḋeaḋ deiċ g-cloigionn air, aċ gan
aon ċeist eile do ċur air, & dúḃairt
sé leis a ṫeaċt asteaċ ċuige, é ḟéin &
an ainir, & nuair a ṫáinic siad asteaċ
ḋruid sé 'n doras & ṫug sé asteaċ
'san b-bárlús iad, & ċuir sé in a suiḋe
iad.
"Nois, a Ġoillís," ar sé, innis ḋam
go fírinneaċ cá ḃfuair tú 'n bulla so,
& cia h-í 'n óig-ḃean so, & má tá tú
féin as do ċiall dá ríriḃ, nó má's ag
deunaḋ magaiḋ fúm a tá tú?"
"Ní'l mé 'g innsínt bréige ḋuit nó a
deunaḋ magaiḋ," ar Goillís, aċ is ó'n
bPápa féin i fuair mé 'n páipeur, & bu
as bálás Rí na Fraince d' ḟuadaiḋ
mé 'n ḃean-uasal so, & is inġean do
Riġ na Fraince í."
Ṫoisiġ sé ar an sgeul in sin, ⁊ d'inn¬
is sé an t-iomlán do 'n t-sagart, agus
ḃí 'n oiread sin iongantuis ar an
sagart maiṫ nár ḟeud sé é féin ċong¬
ḃáil ó ġlaoḋaċ amaċ ar uairiḃ, nó ó
ḃualaḋ a ḋá láiṁ le ċéile.
Nuair i dúḃairt Goillís gur ṡaoil
sé ó'n meud a ċonnairc sé naċ raḃ an
óigḃean sásta leis an bpósaḋ do ḃí ag
dul ar aġaiḋ in 'san bpálas sul do
ḃris sé féin & na síḋeoga suas é, ṫái¬
nic lasaḋ dearg i ngruaiḋ an ċailín, &
ḃí sé níos cinnte go mbuḋ ḃfearr léiṫe
ḃeiṫ mar ḃí sí, ċo dona a's do ḃí sí,
ná in a mnaoi-ṗósta do ḟear buḋ
gráin léiṫe.
Nuair a duḃairt Goillís go m-beiḋ¬
eaḋ sé an ḃuiḋeaċ de 'n t-sagart dá
g-coiṁéadfaḋ sé in a ṫeaċ féin í, dú¬
ḃairg an fear cinéalta go ndeunfaḋ
sé sin ċo fada 's buḋ ṁaiṫ leis, aċ
naċ raḃ fios aige cad ba ċóir a ḋeun¬
aḋ léiṫe, mar naċ raḃ aon tsliġe acu
a cur ar ais d'a h-aṫair arís.
D' ḟreagair Goillís go raḃ imniḋe
air féin faoi 'n niḋ ceudna, & naċ ḃ-
faca sé aon rud le deunaḋ aċ a cong¬
ḃáil go socair no go ḃfáiġdís rud faill
& ócáid rud éigin níos fearr do ḋeun¬
aḋ. Rinne siad suas é eatorra féin
in sin, go leigfeaḋ an sagart air gur
b' inġean d'a ḋearḃráṫair féin do ḃí
aige, do ṫáinig ar cuairt ar condae
eile, & go n-innseoċaḋ sé do h-uile ḋui¬
ne go raḃ sí balḃ, & go n-deunfaḋ sé
a ḋíṫċioll uile ḋuine a ċongḃáil uaiṫe.
D' innis siad do'n óig-ṁnaoi creud do
ċuir siad rómga a ḋeunaḋ, & ṫaisbeán
sí le n-a súiliḃ go raḃ sí buiḋeaċ díoḃ
Ċuaiḋ Goillís a ḃaile in sin, & nuair
a ċuir a ṁuintir féin ceist air cá raḃ
sé, duḃairt seisean gur ṫuit sé in a
ċodlaḋ ag bun an ċloiḋe & gur ċaiṫ sé
an oiḋċe in sin.
Buḋ ṁór an t-iongnaḋ ḃí ar na cóṁ¬
sanaiḃ nuair ṫaisbeáin an sagart cóir
bulla 'n ṗápa ḋóiḃ, & nuair a fuair sé
a ṡean áit ar ais arís, & ḃi luṫġáir
ar h-uile ḋuine mar, go deiṁin, ní raḃ
loċt ar biṫ ar an duine ṁacánta sin,
aċ aṁáin go raḃ iomarcaḋ dúile 'san
m-braon aige nois & arís, aċ níor ḟeud
duine ar biṫ a ráḋ go ḃ-facaiḋ sé a
riaṁ é i rioċt naċ dtiucfaḋ leis "Seo!
faoi gairm do ṡlánte" ráḋ ċo maiṫ le
fear ar biṫ eile 'san ríoġaċt.
