AN GAOḊAL.
111.
SAOIRSE NA h-ÉIREANN.
Leis an nGaḃardonn.
A Ṡaoirse ġeal do ṫréig tú Éire;
Do ṫréid tú tír na n-daoineaḋ ngléire,
A's tá sí cráiḋte, claoiḋte, sínte,
Gan neaċ a ċluinfeaḋ fuaim a caointe.
Faoi ḋaorḃruid ṁóir tá clann ar d-tíre,
Do ḃíḋ fad ó feoi 'n nglóir do b' ḟíre;
'Nois tá siad sgapṫa, scaiṫte, briste,
Óir b' é a náṁ an té buḋ ċliste.
Do ċlaoiḋ sé Éire, — tá sí claoiḋte,
'S an mbrón is mó 'nois tá sí suiḋte;
Monuar! atá sí boċt, dobrónaċ,
Tá fuaim a ceoil lag, ullagónaċ.
Ní 'l dóṫċus air ar n-daoiniḃ boċta
Go ḃ-feicfid laeṫeanta neaṁloċtaċ'
Ag Éirinn 'rís mar ḃí a ḃ-fad ó
'Nuair ḃí a lóchran geal d' a ḟadóġ;
'Nuair ḃí a daoine treun i m-bualaḋ
Roiṁ ṫáinic breugaire d' a d-truailleaḋ;
Do ḃíd ċó flaiṫ'ṁail, meisneaṁail, fear'ṁail.
Monuar! go n-deaċaiḋ siad ar mearḃal.
Éist! cluinim glór ar n-daoineaḋ treunṁar
Os cionn gaċ fuama duiḃe leunṁair'
Ag ráḋ os árd — béiḋ tú in-áirde
A ḃrataiġ ġlais tre neart do ċáirde.
Le ċéile 'nois ar fud ar d-tíre,
A ċlanna Gaoḋail! a ċlanna fíre!
Ná bí ḃur g-ceart mar ḋeirc ag iarraiḋ,
Aċt buailíḋ síos ḃur náṁ go síorruiḋe
Le lannaiḃ geura 's le píocaiḃ móra
'Nois strócaíḋ neart ḃur sgriosadóra
'S a ḃrataċ dearg 's an dríodar síníḋ
A's cuiríḋ 'r g-cúl glóir ṁór a ċine.
'Nois lonnruiġ orruinn-ne, a ṡaoirse!
A's cuir ar g-cúl go bráṫ ar n-daoirse,
'Nois neartuiġ láṁ a's croíḋe ar n-daoineaḋ
Neart ṁór ar náiṁ gan ṁoill do ṡrianaḋ.
An-ḟada ḃí ar d-tír d' a losgaḋ;
An-ḟada in a rian féin cosgṫa;
An-ḟada claoiḋte, sgriosta, cráiḋte,
Faoi ṫuiltiḃ móra eugcóra báiḋte!
Aċt feicfimíd go luaṫ ar n-Éire
Tre neart a's briġ a daoineaḋ gléire,
Ag éirġe as a daorḃruid deoraċ,
Ag éirġe glórṁar, glinn, onóraċ.
A's tiocfaiḋ tú, a ṡaoirse órḋa
Ag sgapaḋ orruinn glóire móire;
Beiḋ síoṫċáin, onóir, sóġ, a's láine
Coróin a's glóir ar d-tíre báine.
