124
AN GAOḊAL
AN CUIREAḊ.
Leis an nGaḃardonn.
A! eirġe a's tar liom, a ġráḋ geal mo ċroíḋe,
Siuḃólamaoid sealad faoi reultaiḃ na h-oíḋ';
Is mian liom cóṁluadar a ḋeunaṁ leat féin,
A! éist liom, a stóirín, 's béiḋ mór é do ṡeun.
Na h-éist le do ṁaṫair aċt tar liom anois,
Béiḋ lonnraiġe do ġnúis ġeal 'ná aingeal i ḃ-fas,
'Nuair déirim id' ċluasaiḃ — tusa mo ġráḋ —
'S mar ġréin ġil ag éirġe, éireóċaiḋ mo ráṫ!
Feuċ! iarraiḋ na sruṫáin an ḃóċna a ċoíḋ —
Feuċ iarraiḋ an Ḟainleog a nead ins an tuiġe —
An iongantaċ leat-sa nuair iarraiḋ mo ċroíḋe
A ṡuaiṁneas id' ḃrollaċ, a ṁúirnín na m-briġ?
Ní'l suaiṁneas le faġáil dam 's an doṁan so go bráṫ,
Muna d-tugaiḋ tú ḋam-sa, a ċuisle, do ġráḋ :
Méideoċaiḋ do ġráḋ-sa mo ġráḋ-sa gan ċríoċ
Mar ṁeuduiġ an connaḋ an teine 'san oíḋċ.
Oċ! tréigiḋ mo ċiall mé! oċ! éist liom a stóir!
Ní'l ceol ins an doṁan so aċt ceol suairc do ġlóir.
Beiḋ ceolṁaire é, nuair a ċluinim tú 'ráḋ —
Mo róġa aṁáin ṫú ! mo róġa go bráṫ.
A! éirġe a's tar liom, deun deiṫfir, a ċuid.
A! tréigiḋ gan ṁoill suaiṁneas socair do nid,
A's ġeuḃaiḋ tú sólás gan traoṫaḋ i d' ċroíḋe
A ġráḋ geal na n-uaisleaċt, fan agam a ċoíḋ.
SEINÉID.
Leis an nGaḃardonn.
Naċ suairc an solus 'nuair atá an ġrian
Ag soillsiuġaḋ doruis ġil an lae, 's ag teaċt
Go nearṫṁar ar a seomra, faoi n-a smaċt
Béiḋ gaċ aon níḋ faoi neaṁ, a's in a rian
Taireongaiḋ sí iad uile; 'sin a mian!
Is í an ríoġain is mó ; is truen a reaċt
Is ríoġain í de'n doṁan so, ríoġan ro-ḃeaċt!
Óir riaġluiġeann sí a ḃ-fogus a's a g-cian.
Is suairc lem' ṡúiliḃ solus sáṁ an rae,
Is suairc liom do ṡolus-sa, a ġréin!
'S gíḋ deas an oíḋċe le n-a míltiḃ súl,
Is deise ṫú, ṡoluis ḃreáġ an lae!
Do ṫugas gráḋ ḋuit, 's tú mo ṡult, mo ṡeun;
Is cosaṁuil ṫú le Cruṫuiġṫeor na n-dúl.
