AN GAOḊAL
125
Ceapuiġṫe agus Scapuiġṫe le Maitias Ua Guairiam ag Spreagaḋ na nGaoḋal
le Dúil an Ġaoḋailge Aṫṁúsgailt, agus tá ḟios ag an saoġal gur miṫid ḋíoḃ
Dúiseaċt. — Fonn. — Óglaoċ na Rann.
M-béiḋ Gaoḋail go bráċ faoi riaġal na nGall,
Ag laḃairt Béarla gránna an ṁillteóir?
An té ḋeun creaċ 's ár, slad 's feall
'S d'ḟág ċaċ ar lár gan aon treoir;
Naċ truaġ ḃur nGaoḋailge atá 'nois claoiḋte, fann,
Naċ mairg go ḃ-fuil a cliu 'sa bláṫ ag críonaḋ —
Naċ cloiḋreaḋ an ċail í síúd d'a clann,
Agus béiḋ siad ar ball ġ'a caoineaḋ.
Ba aoiḃinn an t-am do laḃair naoṁ a's bard
Teanga ḃinn, ṁilis, ḃreaġ na Féinne,
Aċ ta a cliú 'sa cail anois gan áird
Óir cluintear fir a's mna d'a séanaḋ;
Ta leaṁ spiosáin aṁuil aṁuis Gall
Do ṡíor a's do ġnáṫ ġ'a daoraḋ, —
Gráin ar gaċ treall a ṫréig í le feall,
Agus tá náire ar a clann í ṡaoraḋ.
Níor ṁeasa Gall na 'n Gaoḋal boċt, dall,
Do ṫréig creideaṁ agus gnás a ṡinnsir,
Agus a d'iompuiġ le Gall súil tiodal d'ḟaġail,
Anois an ṗéist is Gaill, a ċlann 'sa ṁuintir;
Naċ iomḋa guag a's treall ar fud Innis Fail
A ḋiúltaiġ teanga Ṗadraic a's Ḃríġde
Agus do ṡluig Sacs Ḃéarla 'n Ġaill trá fuair siad faill
Aig tuar ḟuaṫ agus gráin na tíre — Aċd eist:
Cluintear teanga Innis Fail 'g éiriġe ó ġalraḋ 'n ḃais,
D'ḟág lumarṫa gan blá no geug í,
Agus tá sí 'nois an aġneán l an d'ḋilleaḃar glas a fás,
Agus ní feicfear aríst go bráċ faoi neul í;
An trá ḃí sí ar lár go lag claoiḋte, fann,
Agus nar ḃ'amuideaċ iad a clann do ṫréig í.
'S ní raḃ a leiġeas le fáġail i d-tir no ndánn,
No gur aiṫḃeoḋuiġ, Seáġan Mac Éil í.
Ta fuaim teanga ḃinn na m-bárd ag éirġeas go h-árd,
'Nois an mac alla ins na gleannta ag géimneaḋ,
Mar do scap a cliú 's a cáil in gaċ uile riġeaċt 's cárd
Agus go mairiḋ sí go braċ mar an gceudna,
Gráin ar na fir atá 'nois cuir buaireaḋ ar ċaċ,
Naċ ngaḃaiḋn le aon laoċ aṁain mar ċeann Féaḋna
Arson Éireann agus a gráḋ an Ġaeḋilge mar ba ġnáṫaċ
Beiḋ taṫuaiġeaḋ go daingean dlúṫ gan séanaḋ.
Cluintear Éireannaiġe do ġnaṫ ag cáineaḋ clanna Gall
Agus a deunaḋ seanmóiriġe Gallda san m-Béarla,
Aċd ní ġéillimse do ċaċ giḋ gur meanmnaċ a g-cáil.
Oir is ionann iad a's Gaill ṗoic gan Ġaeḋilge;
Nuair a ċríonann an crann searguiġeann a ḃláṫ,
Agus ní úruiġeann sé go bráċ na ḋiaġ sin;
Mar siúd ḃiḋeas gaċ traill feoḋuġaḋ faoi riaġal Gall,
Ġniḋeas teanga 's creideaṁ Ṗadraic a ṫréigsin.
