AN GAOḊAL
131
'S ba nár liom í stop;
Ċum gur sméideas suim gan áireaṁ
Le géiṁ a g-coillte fásaiġ
'S gan aon-ne tiġeaċt ṫar bráid ann
Aċt cága ḃí ar gor :
Lem' bréiṫre grinn níor ḃ' ḟulair liom
I ṫástáil le ceist,
As an nGaoḋailge ċaoin do ráḋaim léi
"Cad fáṫ ḃeiṫ ag gol?
No'n naoṁ-ḃean siḋe o'n m-Blárnainn,
De ṗreiṁ-ṡlioċt Ḟinn do ṫáinig
Faoi'm ḋéin, tu, go h-Uiḃ-ráṫaċ
Ċum dánta do ċlos?
3
No 'n fíor gur tu-sa an Ḃlánait
Do ċlaoiḋ Cúraoi ṁac Dáire
Ḋá druim i n-inis Fáilge
Na sár ḟear, gan loċt?
No 'n rig ḃean do ṫug "Iáson"
Ó Colchis ar bord árṫaiġ
Go riġeaċt na Gréige, áitreaḃ.
Alainn, deas leis?
No 'n fíor gur ṫu an diána
Ḃí snáṁ ar an loċ,
'Nuair a ġaiḃ Actaeon ṫar ḃráid
'S gan aon t-snáiṫ ar a corp,
Le n-ar ḋein sí fiaḋ mór, bán, de.
De ḋeasgaiḃ ḃeiṫ ag rás léi
'S a ċonnairt féin gur ṫnáiġ é
Ar an láṫair, de ġeit?
4
D'ḟreagair sí bog, tláṫ mé
De 'n ċóṁráḋ ċliste, ġráḋṁar,
Dá ċanaḋ gur b' í Gráinne í
Do ṫáinig 'na post,
Le teaċtaireaċt faoi m' ḋán-sa.
Go g caiṫfeaḋ connairt Mártain
Gan bacaḋ leis an b-Pápa,
'Gus síoṫċáin a ṫaḃairt ḋó.
D'réir tarraingeaċt na mná
Táim i n-áiriġṫe ḋe,
Go m-beiḋ an-ṁileaḋ Spáineaċ
i g-Clár-loirc na m-boċt,
Ṫ'réis Garabaldi ḟágaint
'S an úir ag taḃairt an ḟásaiġ :—
Nár ḟóiriḋ Riġ na nGrás ngeal
Ná Pádraig air.
5
Nár b' aoiḃinn d' Inis Fáilge
Dá stríocfaidís na páiṫniġ
