(24)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
DEIĊ-ṀÍ,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
D'innis sé an rud a ċuir sé roiṁe
do'n t-sagart, agus ṫug an sagart a
beannaċt ḋó.
Ċuaiḋ Goillís, mar sin, do 'n tsean
ráṫ, ag an dorċuġaḋ, ⁊ ṡeas sé le
na uilin cromṫa ar ṡean-leic liaġ ag
fanaṁuint go d-tiocfaḋ an meaḋonoi-
ḋċe. D'éiriġ an ġealaċ suas go mall ⁊
ḃí sí mar ċnaipín teineaḋ 'n taoḃ ṡiar
de ⁊ ḃí ceo bán ann do ḃí árduiġṫe as
na maċairiḃ féir ⁊ as na h-áiteaċaiḃ
fliuċta le fionn-ḟuaċt na hoiḋċe air
éis ain-teas an lae. Do ḃí an oiḋċe ċo
ciúin le loċ nuair nach m-biḋeann aon
ġal gaoiṫe amuiġ a ċorróċaḋ tonn air
⁊ níor raḃ aon ḟuaim le cloisint aċt
crónán na g-ciarṫóg do ṫéiḋeaḋ ṫart
ó am go h-am, no sgread ġeur obann na
ngé-ḟiaḋán ag dul o loċ go loċ, leaṫ-
ṁíle ṡuas ins an aer os a ċionn, no
fead ġeur na ḃ-feadóg, na gcrotaċ no
na bpilbín ag éiriġ 's ag luiġe, ag luiḋe
's ag éiriġe, mar is gnáṫaċ leo in oiḋ-
ċe ċiúin Do ḃí míle míle reult ġeal
ag soillsiuġaḋ os a ċionn, ⁊ do ḃí beag-
án seaca ann a d'ḟág an talaṁ do ḃí
faoi na ċois bán ⁊ briosg
Ṡeas sé in sin ar feaḋ uaire, ar
feaḋ ḋá uair, ar feaḋ trí huaire; ⁊
do ṁeudaiġ an sioc go mór, i rioċt
gur ċualaiġ sé briseaḋ na d-tráinín
faoi na ċois ċo minic a's ċorruiġ sé í
Ḃí sé a smuaineaḋ in a inntinn fé
ḋeire naċ d-tiocfaḋ na Siḋeoga an
oiḋċe sin, ⁊ go raḃ sé ċo maiṫ ḋó fil-
