AN GAOḊAL
133
LECTURE IN IRISH.
[The following Irish Lecture was delivered extemporaneously before
a meeting of the Gaelic League of Boston by Mr. Patrick Casey, the
well known Irish poet of Malden, Mass].
Do ḃí cnósaċ ṁór ag Fuirinn na Gaoḋailge a m-Bostún seaċtṁain o ṡoin,
agus laḃair cuid aca teanga na Sagsann, do laḃair cuid aca teanga na Gao¬
ḋailge. Do laḃair duine uasal gurab ainm do Pádraig O Dálaigh, máiġistir
na Gaoḋailge; níor ḃ' ḟuláir leo go laḃarfainn féin roinn focal 'n-a ḋiaiġ ⁊
so mar a duḃart:
Tá Pádraig O Dálaiġ t' réis laḃairt,
Go bog, binn, doiṁin, daingean:
Do ġeal mo ċroiḋe le fáṫ an aitis:
B' ḟeárr liom é ast oiḋċe am aice
Ná siolla ceoil ḃeaḋ a bpíb ag casaḋ
Is minic do ḃíos a's go rinncfinn tamall
Lá le Pádraig, ar ċlár no ar ṫalaṁ ;
(Aċt do ċruaiḋ mo ċnáṁa 's is gearr go gcrapaid)
Do ṫaḃarfainn bliaḋain go dian ag taisteal,
Ag siuḃal go geur a n-diaiġ a ṫeangan;
Da ḃ-faġainn a trian d' feudfainn seasaṁ.
A's do ṁúinfinn ciall do ṁíle pearsa.
Tá sí milis fe 'n ḃ-fiacail, ná h-iarr a malairt.
Tá sí críona , aċt ní'l sí caiṫte,
Tá sgáil na rós fós na leacainn
Agus ġeaḃair an ġlóire o n-a paidir (bualaḋ bas).
Gealeann mo ċroiḋe 'nuair ċloisim an Ġaoḋailge,
Taḃarfad di taiṫneaṁ faid a ḃeaḋ ar an saoġal so,
Mar is í ḃí 'san ḃaile ag m' aṫair na h-Éireann:
A's ḋéinidís margaḋ daingean a dteanga na Gaoḋailge
'N-a suiḋe a dtiġ an táḃairne ag áireaṁ na spréaḋana,-
'S iad a ḃuaileaḋ an bórd agus d'ólaḋ an "Ḃéimis";
'Siad a ġearraḋ an ḟóġṁar, mar ba ṁór é 'gcuid saoṫair;
A's is iad a ċaiṫeaḋ an Nodlaig gan ġoirg a ḃfoċair aċéile
A mbóṫar ná 'gcoṁangar ní raiḃ "Hallow" 'ca ar aon ċor;
Ḃí "Dia agus Muire" 'ca ag beannugaḋ d'a ċéile,
An té ċaiṫfiḋ a ḃeaṫa go naoṁta,
Beiḋ sé ḃ'foċair na naoṁ a's na n-aingeal a ḃflaiṫeas an
[aon Ṁic;
Abair do ṗaidir a d-teangaiḋ na Gaoḋailge,
Ast oiḋċe 's ar maidin, 's ní ḋallfaiḋ an claon tú ;
Éist leis an d-teagasg 's bíoḋ aifreann Dé 'gat,
Mar do baisteaḋ ṫú ad' leanḃ a's do bronnaḋ ort éif¬
[eaċt,-
Agus ní'l únsa ḋi ag fiċe dár ṫáinig o Éirinn.
B' in taiḋreaṁ a ḋeineas 's níor ṫugas do geilleaḋ. —
Do ṡaoileas a n-urraig go ḃfaġaimis "bille" do Éirinn
Agus greim ar an b pionna ċum dligṫeaḋ do ḋeunaṁ
Aċt ḃí mor-ċuid na g-coinniṁ de tiaġarnaiḋiḃ treuna,
'S iad iṫid na coilliġ a's an mion-eallaiġ neuta.
Ní ḋeineann siad obair trosgaḋ ná treudnas,
