136
AN GAOḊAL
Agus tógfaiḋ sé sinn-ne 'nuair ṫiocfaḋ ár lá orainn —
Déin gaċ niḋ agus toill na grásta. —
Ṫóg sé Calvin gan aon ḃarántas
Ṫóg sé Oisín an File álainn,
Ṫóg sé Fionn d'a ḃun gan fláraṁ (?)
Agus is é ṫóg Osgar an gaisgiḋeaċ láidir.
[bualaḋ bas]
Ṫóg sé Hercules, a ṫreiḃ 's a ġárda,
Ṫóg sé Hector agus riġ na Spáinne.
Ṫóg sé Luther gur baisteaḋ air Ṁártan,
'S é iompoiġ na trúpa o ṫeampoll Máire.
Do ḋéin naoṁ Peadar ar an ġ-carraig anáirde,
Tá sí 'na seasaṁ agús í lán de ġrásta;
Ní féidir í leagaḋ 's í an ċrois a gárda;
Ní teampoll Gall í ná tiġ pagánnaċ.
Ní'l sí fallsa 's é a ceann an Pápa —
Tugann sé loġaḋ do 'n "spáilpín" fánaċ.
Tánaġ ann so a ndiuġ ó "Malden"
Táim am' ṡeasaṁ gan aiṫis, gan náire
Ba croiḋe liom an teagasg a ċanas an dán doit,
Ċum go ndeunfá aiṫriġe a ṁic na n-árann.
Ná taḃair failliġe 'san ċaṫaoiṁ álainn;
Bioḋ do ċreideaṁ go deangḃalta;
Leasaiġ do ḃeaṫa, a róṁánaiġ;
Ná bioḋ do ċroiḋe ar baois a ḃráṫair,
Agus do ġeaḃair an ríoġaċt go prínsioḃálta —
Go dtugaiḋ Dia sin dúinn.
Críoċ.
GRÁḊ MO ĊROÍḊE
Leis an nGaḃardonn,
Feicim gráḋ mo ċroíḋe ag teaċt —
Maidin ġeal gan ġruaim,
Solus órḋa ar a dreaċ —
'S í aṁáin mo rún!
Ṫugas gráḋ dí fad, fad ó —
'S í mo ġráḋ a ndiú !
Béiḋ mé buan di fad táim beo,
'S í mo ṁúirnín ciúin!
Feicim gráḋ mo ċléiḃ ag teaċt.
Feuċ! naċ deas a cruṫ!
Ní 'l aon ḃean ann leaṫ ċoṁ deas,
'S í mo stór, mo rún!
Ċuir sí aṫas mór im' ċroíḋe
'S í mo ḃeaṫa fíor
A! ní ṫréigfead í a ċoíḋċ
'S i mo ġráḋ geal gnaoi!
