142
AN GAOḊAL.
CUAIRT AN TSÁIR Go SASANAIĠ
le A. Mulalla.
Do ċeud míle fáilte, a Csáir,
Impire 'n dá Ruisia,
Ḃeir do ċuairt onóir do mo ṫír
'Gus sólás mór dom-sa.
Is tú máiġistir na milliún díleas
'Gus Caiptín na sluaġ treun
A tá misneaṁuil a g-caṫa
Ċum go d-tiucfaḋ ort 'n seun.
Is maiṫ 'n t-am a d-tainic tú,
Tá 'n Turcaċ as a ċéill
Ag casgairt Críostuíġe boċta
A tá le fada faoi n-a riaġail.
Tá sé magaḋ ar na cúṁaċtaiġe
Do ċuireas aige 'n sgríḃin ḋeiriġ,
Ag fiafraḋ "cia siḃ féin?
Creud eile tá siḃ ag iarruiġ?"
Le eagla 's brón tá mé lán
Go ḃ-fuil muid ciontaċ 'na ṗeacaiḋ,
Óir ċoṫuiḋ muid é le cáirde
Go raḃ sé damnaiġṫe le fiaċṫa.
Ann sin ṫréig sé sinn mar náṁaid —
O! Riġe-ṁaċ na mallaċt,
Agus níor ḟág sé againn de ṡásaḋ
An oiread a's a ḃeannaċt.
'Nois tá sé faoi do ċoimirc-se —
Tá cúṁaċt i m-bárr do ċlóiḋeaṁ;
Smaċtaiġ 'n fear míriaġalta
Ḋóirteas fuil le áille —
Díbir as an Eorpe é,
Taḃair orduġaḋ ḋó gan filleaḋ,
'S dá m-báṫfaḋ é i b-poll-ifrinn *
Is fada é d'a ṫuilleaḋ.
Do caiṫfiḋ mé adṁáil
Naċ raḃ muid leaṫ-ṡáċ críonna,
An t-am a ḃuailmuid d'aṫair-mór.
'Gus ḃfad roiṁe sin Caitirín;
Ḃí siad ag teaċd do'n Eoirpe
Ag Críostaiġe lag le fóirint,
Aċ bu ṁeasa linn clann na faiḋe
'Siad a ḃí cruinnúġ' ḋúinn 'n gaimbín
Ḃí congnaṁ láidir i n-aonfaċt linn,
Luingeis ċoga 's gunnaiḋ móra,
Agus rinne muid de Ruisia
Cill 's príosún fairsing, fuar,
Aċt tá siḃ 'nois i ngar do'n áit
Air ḃ-fuil le fada ar súil.
'Gus ní'l muid ábulta ḃur stopaḋ,
Go cinnte sin mo ḃaraṁuil.
San am sin ṁúin na páipéir ḋúinn
Teasdais ḃreugaċ, fealltaċ,
Go raḃ Ruisia lán d' ḟir borb
Do ḃí láidir, dána santaċ;
Go raḃ siad faoi ḟionnaḋ garḃ,
Mar ḃeiṫiḋ alta cioċraċ fiaḋáin,
'Gus dá leigfiġ iad amaċ go bráṫ
Go m-beiḋeaḋ deire leis an t-síoṫċán.
Anois tá na daoine 'g éiriġe eolgaċ,
'Gus tá sios acu níos feárr —
Go ḃ-fuil síḃialtas ag Ruisia,
Agus creideaṁ ag an Csár.
Gaol fola agus cleaṁnais,
Tá muid leaṫ fuilte fuaiḋte arís,
'S ní raċum go deo ag imreas
I gcall tír an riġ ḃeiḋeaḋ buailte.
Le do linn 's faoi do riaġail
Glacfaiḋ págáin 'n soisgeul naoṁta
Beiḋ Críostaiġe lán de ġráḋ
Mar tá sé 'san m-Biobla sgríoḃṫa,
An áit gaċ uile ġunna mór
Béiḋ cliaṫ-ḟuirte 's ceuċta,
'Gus beiḋ sioṫċán an éinfeaċt,
Go h-eug 'se úr-riġeaċt.
* Hellespont.
BEANNAĊT an ḞEASGAIR
Ó 'n nGearmánais,
Leis an nGaḃardonn.
Beannaċt leat! Ó! beannaċt leat!
Tigiḋ na reulta as go deas,
Gaċ n-aon díoḃ a n-diaiġ a ċéile;
'S téiḋid ar seaċrán tréas na speur¬
[taiḃ,
Ar feaḋ na h-oíḋċeaḋ ciúine
Beannaċt leat! Ó! beannaċt leat!
Feuċ an rae, naċ deas a dreaċ!
Téiḋ sí ar a sliġe go tosdaċ
Ins na speurṫaiḃ úd ag lonnraḋ,
Ar feaḋ na h-oíḋċeaḋ ciúine.
