AN GAOḊAL.
5
Dá mbioḋ fios ag na buaċailliḃ atá ngleann Néfinn
Go ḃfuil mise féin lag, buaḋarṫa, tinn,
Ṫiucfaḋ scata aca ċugam-sa a lig i n-aoinfeaċt
Le eaċraiġe glégeal a's cóistiḋe cinn;
Ġleusfaidís ban-ḟéis ḋam, fleaḋ 'gus féasda,
'Sin d'a ḃfeudfaiḋe 'gus toġaḋ ceoil,
Ḃeiḋeaḋ ḋá ċeud fear ar meisge i n-aoinfeaċd,
A d-tiġ Tom Déliġ, a g-Cúl-na-Binn'.
Tá leitir sgríoḃṫaḋ agam anois faoi ṡéalaḋ
Agus cuirfead gan ṁoill í go Cúl-na Beinn',
Go ḃfuil mé am' luiḋeaṁ le tuilleaḋ a's ráiṫe,
Go brónaċ, cráiḋte le tinneas cinn;
'Gus mur ḃfuiġeaḋ mé fóiriġint ó Riġ na glóire,
'Sa ḃeiṫ am' ṡláinte arís mar is ċóir;
Gleustar túmba 'gus cónraḋ * cláir dam,
'Gus cuirtear amáraċ mé ag bun Ṡléiḃ' Ṁóir.
Ḃí mise in Acuil a's níor ṁian liom ḟágḃáil,
Mar buḋ ṁaiṫ an áit é do ṡeaċránaiḋe,
Ḃí biaḋ agus leabaḋ ann 'gus, míle fáilte,
'Gus coṁráḋ sáiṁ 'nn le teaċd na h-oiḋ',
Aċt ar nós an ḃriodáin, a ṫigeas le nádúr,
Agus a ċaiċeas a ṫráṫ ameasg na d-tonn,
'Sé earraḋ agam-sa é dá mbeiḋinn a b-párlús,
Gur fearr liom árus i gCúl-na-Binn'.
An ċoill úd ṫáll atá ar ṫaoḃ ġleann Néfinn.
Inn a ḃfuil duilleaḃar féidiol glas ag sileaḋ síos
Tá 'n ċuaċ san troġanaċ ag tnúṫ le ċéile ann,
Ag seinim ċeoil ḃinn de ló a's do oiḋ';
Tá deunaḋ mónaḋ ar ḃárr an t-sléiḃ' ann
Ag deunaḋ éirliġ ar ċearcaiḃ fraoiġ,
'Gus an briodán broin-geal ag teaċt ó 'n tsáile 'nn,
Ag fearaiḃ Éireann le fáġail gan piġinn,
Tá an loċ is deise ann d'a ḃḟuil in Éirinn.
'Gus na h-ealaiḋe a snáṁ uirri ó ṫonn go tonn,
Ca ḃfuil fear a ċleaċtuiġ é 's tá 'nois d'a ṫréigsinn
Naċ beag an t-iongnaḋ d'a ċroiḋe ḃeiṫ tinn;
Aċt má sé seo 'n cúrsa do ġeall Dia ḋaṁ-sa
Le méid mo ċuṁa gur liaṫaḋ mo ċeann.
A Ḃoṫ-an-dúin, mo ċúig-ċeud slán duit,
Agus do ṡléiḃte áilne iúd Ċúl-na-binn.
[* We print cónraḋ here, it being the vernacular
for the word coffin, and because, too, we think it the pro¬
per way. If not, why is coffinmaker spelled cónradóir?
There are hundreds of Irish words in common use among
the people which were not known to our Irish lexicog¬
raphers. — Ed]
le fíon 's le ól
braoċa broinn ġeal
