(26)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 2.
AIBREÁN,
1897.
CEILEAḂRAḊ CUIṀNE ṠEÁĠAIN
Ṁic Éil le Cumann Ċeiltiġ Ḃrooclín,
Laḃair Foilsiġṫeoir an Ġaoḋail. i
measg abairt eile, mar seo —
"A Ċáirde, — Támar cruinniġṫe in
seo anoċt ċum ainm ⁊ cáil Ṡeáġain
ṁic h-Éil. Árdeasbog Ṫúma, an fíor
ṫreudaiḋe— "Leoṁan an Tréid," do
ṁóruġaḋ ⁊ d'onóraḋ.
An tráṫ i rugaḋ Seáġan mac hÉil
i d-Tobar na ḃFian, i gCondae Ṁaiġ-
eo, ceud ⁊ oċt mbliaḋana ó ṡoin, buḋ
ṁór, buḋ ṫrom, ⁊ buḋ leaṫtromaċ an
t-ualaċ anaċair ⁊ léin do ċroċ go duḃ
dorċa os cionn ar n-aiṫreaċaiḃ gan
aon stríoc aṁáin d' ḟáinniuġaḋ 'n lae
ag briseaḋ ṫré na neulta duḃa sin.
Ḃí Éire buaḋarṫaḋ, cráiḋte faoi
ċuing ṁallaiġṫe na nGall, aċ do ḋeon-
aiḋ Dia in A Ṁóraċd naċ mbeiḋeaḋ
sí go síorruiḋe mar sin, ⁊ do ceap Sé
a ṡeirḃíseaċ úṁal, Seágan mac h-Éil,
leis an ualaċ dorċa sin a spíonad, a
scapṫaḋ ⁊ a ruagaḋ [bualaḋ bos].
Agus giḋ go mbuḋ ṁór, drugallaċ an
saoṫar ḃi curṫa roiṁe mar ġeall ar
an náṁaid a ḃí i mbrollaċ a ṫíre ins
an am sin, mar atá, faraor, indiu,
níor ṫeip sé os a ċoinne, aċ ċuaiḋ air
aġaiḋ gan sgíġ gan stad ag loscaḋ pi-
léar a ḋaiṫeasc i ḃus a's ṫáll no gur
roill sé an dorċadas, ⁊ gur toisiġ
dealraḋ na saoirse ag briseaḋ ṫré na
tollaiḃ [mór ḃuala bos].
'Sí teanga na tíre bun ⁊ piléar na
Saoirse. Ḃi a ḟios seo ag Árdeasbog
Mac Éil, ⁊ sin é 'n fáṫ ar oibriġ sé
