26
AN GAOḊAL
SMUAINTE — Le Maitias Ua Guairiam, Deas Ḃoston
Tá an Gréigeaċ 's an Turcaċ aig cogaḋ le ċéile
Agus an té ḋeunaṁ sioṫċain na raiḃ sé le fáġail,
Súil go ḃfeiciḋe ar gcaraid críċe Sacsan faoi leun sgrios,
A cuid airm gan éifeaċt lag, claoiḋte ins an ár.
Ní ag impíḋe na h-anaċain ab'áil liom ar aon ċor —
Molaim clann Éuḃa agus maiṫim do ċaċ,
Aċt an t-ainṁiḋ mualluiġṫe ḋeun geurleanṁuin in Éirinn,
Na h-abair Paidir nó Cré le n-anam go bráṫ.
Ḃí an t-ainṁiḋ malluiġṫe geurleanṁuineaċ breugaċ,
Ḋíbir sé cléir ṫar an iar ṁuir mar scláḃ,
Ruaig sé na sagairt aṁuil faol ċú an t sléiḃe,
Agus toireiseaḋ n-a ndiaiġ oir ḃí duais ar gaċ ceann.
Ċuir sé Árdeaspog Ċaisil i gcarcair faoi ġaḃann,
Sgóll siad feoil agus féiṫe 's a ċroicionn ó 'n gcnáiṁ,
Ḃí éiriciġ Ḃreatain ag búireaḋ 's a géimneaḋ
Agus Eaglais na h-Éireann g'a treasgairt gan cáin
Ċaiṫeas seal fada de mo aimsir in Éirinn,
Agus a d-tús mo óg laeṫeaḋ do ċonnairc mé ár,
Oir an té ciḋfiġ ar maidin agus spreacaḋ 'nn a ġeuga,
Sul dul faoi na gréine ḃeiḋeaḋ sínte ar lár :
Ní raḃ toraḋ nó sláinte air ar saoṫar in Éirinn,
Giḋ ḃí an iṫir gan aon loċd ṫuit niṁ ar a bárr —
Buḋ é aitios na Sacsan mór ainis na h-Éireann.
Agus h-aḋlacaḋ ceudṫa gan cónraḋ nó clár
Air feaṫ mo ṁarṫain, aċt ní fada mo ṫéarma,
Béiḋ cuiṁne na mbliaḋanta úd a g-coṁnuiḋe in mo ċeann,
Anuair a ḃí dí-beaṫa, dío-carad, dío-sláinte, dí-féile
Agus díċeannaḋ in Éirinn faoi riaġail ċreideaṁ Gall,
Ḃí duais agus balcaisiġe agus earraiḋe gan téagar
Aig aṫair na mbreug ag cur caṫuiġṫe air ċaċ
Súil go reicfid an t-anam do ċeannuiġ mac Dé ḋoiḃ
An tráṫ d'ḟulaing Sé ceusaḋ agus bás air an gcrann.
An t-am úd ḃí ocras agus ainnis in Éirinn,
Agus inns na seaċt riġteaċta ní raḃ caraid le faġail,
Ba uaṁásaċ anḃaṫaċ faitiġeaċ an saoġal é,
Ḃí 'n t-eug air feaḋ na h-Éireann gus daoine a leaġaḋ.
Ḃí an bás ag cnagaḋ agus is gaisgiġeaċ antreun é,
Le n-a ġeugaḋ lom féiṫṁaċ agus sleaġ ann a láiṁ,
Níor ḃac sé le Breatain 's nár ġreannṁar an sgeul é,
Aċt ḃánaiġ sé Éire agus buḋ é sin ann feall.
Meaḋon an deiċ taréis dá ḟiċid, mid the forties sa mBéarla,
Mar tá lán daoineaḋ Gaoḋalaċ na d-tuigeann mo ḋán —
An tráṫ ḃí 'n t-eug agus Sacsain ag freastal d'a ċéile
Ag treasgairt na nGaoiḋil ḃoċd gus d'a síneaḋ ar lár;
Má's fíor ráiḋte na d-tarragar ḃí againn in Éirinn,
Tuitfiḋ Breatain faoi leun-sgrios i g-coga d'a ġeall,
Anois tá cuid ullṗéisteaḋ cuir baca ar laoċra na Gréige,
Aċt má ṫagaiḋn siad saor as béiḋ fios againn ar ball.
