AN GAOḊAL.
29
COṀḊAIL OIDIḊ SCOILE AG NA CEALLA-BEAGA.
An dara Saṫurn de ṁí an Ḟoġṁair ag teaċ scoile an Néill Ṁóir
Ḃí coiṁṫional de ṁáiġistiriḋ scoile ag obair ceart 'stóir
Ċum a dteanga ḋuṫċais aiṫḃeoḋaḋ, an teanga Ġaeḋilge ḃinn —
Ó Ċorcaiġ go dti Doire, gus ó Ṡligeaċ go Duḃlinn.
Ḃí aca 'san gcaṫaoir, an treun-ḟear, Seáġan Mac Ṁrird,
A ċuir fáilte roiṁ an gcóiṁṫionol a nGaeḋilg ṁilis árd,
'S d'innis dóiḃ an t-áḋḃar a raḃ siad go h-uile cruinn —
Leis an teanga Ġaeḋilge aiṫḃeoḋaḋ gaċ áit a mbéiḋ siad ann.
Ġeall gaċ duine láṫair a ḋíṫċioll ḋéanaḋ ċum
An Ġaeḋilge laḃairt 'gus ṫeagasg, gan duais, píġin na bunn —
Gaċ seansgeul, aḃrán Gaeḋilge tá in áit féin ḟáġail cruinn,
Ċum iad d'ḟáġail clóḋḃuailte, 'gus a ṫaḃairt arís an cinn.
'Nuair ḃí 'n obair críoċnuiġṫe agus scríoḃṫa síos le peann,
Seinneaḋ aḃráin Ġaeḋilge fá Éirinn 'gus a clann;
Ṫug Seáġan Ua Craṁsig ceann uaiḋ go lionta suas le greann,
A d'ḟág alig iad gáire i n-arraingeaċa teann.
Do 'n ḟear a ḃí 'san gcaṫaoir tugaḋ buiḋeaċas mór in sin
Fá'n obair a ḃí sé ḋeunaḋ ċum an Ġaeḋilge ṫaḃairt an cinn;
Na ḋiaiḋ sin sgap gaċ duine de na máiġistiriḋ ḃí cruinn,
'Gus ċuaiḋ cuid aca asteaċ i dtig ósta ag fáġail a bproinn.
Ḃí siad as na Gleanntaiḃ ann, na Rosaiḃ, Ardara
Dún-na-nGall, Gleann-Ċoluimċill', Moin-Sorlas, 'gus Ċill' Ċearr,
Ní ḟacaiḋ mé Liam Ruaḋ ann, sin Oide Ḃaile-an-Trá —
Ċuaiḋ siad lig a ḃaile go breáġ sásta le n-a lá.
Doṁnall Ua Gallċaḃair.
CEOL NA n-EUN.
Leis an nGaḃar Donn.
Is áṫasaċ mo ċroíḋe astiġ, nuair ċluinim ceol na n-eun,
A ṡeinneas ins an saṁraḋ geal fá ṫaiṫneaṁ suairc na gréin',
Ní'l ceol fá neaṁ is binne liom, ní'l fuaim is dóṫċusaiġe,
'Sé neaṁ ar ṫalaṁ é gan gó, 'sé parrṫás breáġ mo Ríoġ!
Nuair fa ḃrón im luiḋe go duairc, nuair tá na neulta tiuġ,
Nuair tá an ġaoṫ ag prantuġaḋ, nuair atá an sneaċt' go dluṫ
Ag folaċ gnúise glaise guirt le brataċ fuar a's geal,
Bíḋim smaoineaḋ ar an am le teaċt, 's ar ċeol na n-eun gan feall.
Adeirim-se lem' ċroíḋe annsin na caill do ṁeisneaċ, óir
Atá an t-am ag teaċt duit in a ċluinfir fuaim an ġlóir
A ṡeinneas ins an earraċ, ceol na neiṁe, 's béiḋ do ċroiḋe
Lán de ṡuairceas mór 'gcoṁnuiḋe, lán de ṡult, 's de ṡóġ astiġ,
Óir seinneóċaiḋ ḋuit na h-éin arís ameasg na gcrann um nóin,
Béiḋ a ngoṫanna níos binne leat tar éis an ullagóin;
Tar éis an ġeiṁriġ ḃrónaiġ cluinfiḋ tú an ceol is fearr
Teaċt amaċ as beulaiḃ binne, mar nuaiḋeaċt ṁaiṫ tar lear.
vide infra
p. 41.
