30
AN GAOḊAL.
Mo Ġráḋ Do Léim A Ṡean Ḃéim
Ċéaċta,
le Mac An Oiḋre.
ag ráḋ, mo ġráḋ do léim a ṡean ḃéim
ċéaċta.
Nuair a ḃíomar i maċa 'n Iarla, duḃ¬
radar, "Seo ar siuḃal mé," ar-sa mi¬
se, "seo ar siuḃal mé." Ag sin ḃíomar
a siuḃal suas go dorus an tiġe ṁóir,
duḃradar, "Seo asteaċ ṫré ṗoll an
ġlais mé," duḃras-sa leis é, & ar an
láṫair ḃíos-sa 'stiġ ċo réiḋ socair is
dá mbeiḋeaḋ an dorus fosgailte.
Annsin duḃradar a ndiaiġ a ċéile,
"Seo síos 'san tsoiléar mé, seo ag ól
mé." Leis sin ḃíomar ṡíos ann seom¬
ra mór ḟáirsng ann a raḃ barruiliḋe,
casgaiḋe, cruasgaiḋe & buidéil móra
's beaga, le fion, beoir 's bránda, uis¬
ge-beaṫa, pórtor curm 's leanna agus
mórán eile ċuma diġe naċ tig liom d'
ainmnuġaḋ ; móguil d'arcáin mar ċup¬
áin ann láiṁ gaċ duine acu Fuaireas
féin cupán glaine a ḃí naċ beag ċo mór
le cnagaire, & níor ḟágamar ártaċ no
soiṫeaċ o ḃuidéal beag go barruile
gan cuid d'ól as.
Ḃíomar go súlṫṁar, seunṁar ag ól
's a gáire go glaoḋ na gcoileaċ, ann
san duḃairt an te a ḃí mar ċeann or¬
ṫa, "Is miṫid dúinn dul aḃaile." ag sin
ċualas iad ag ráḋ, "Seo suas go dti
an h-alla mé." Duḃairt mé, "Seo suas
go dti an h-alla mé"; duḃradar, "Seo
amaċ ṫré ṗoll an ġlais mé," aċ ḃíos-sa
ró ṁór ar méisge ċum aire ṫaḃairt do
cad duḃras, 's d'a easgaḋ san ḃí tar¬
cuisne agam ar na rudaiḋe beaga, is
buḋ ṁó's iseal liom-sa poll na eoċraċ,
leis sin duḃairt, "Seo ṫar ṗoll an ġlais
mé." Leis sin ḃuaileaḋ mo ċeann a g-
coinne 'n doruis, 's mo ṡúil a g-coinne
láiṁ an ċláibin, 's ṫuiteas siar ar an
úrlár leaṫ-ṁarḃ, & d'ḟanas ann san go
dti eirġe na ġréine.
Nuair ṫangas ċugam féin fuaireas
mo ṡúil brisde, tinneas ann mo ceann
& méagrum ann a ṫeannta, do ċuiṁ¬
neas ca raḃas, 's cad do ḃain dom; ḃí
ḟios agam dá m-béirfeaḋ orm annsan
go g-cuirfeaḋ i b-príosun mé. Leis sin
duḃairt, "Seo amaċ ṫré ṗoll an ġlais
mé," 's ḃíos amuiġ ar an láṫair. Ċon¬
nairc mé mo ċéaċta & duḃairt, "Seo
ar ḃuin mo ċéaċta mé," & ḃíos ar a
ḃuin. "Seo sar ḃalla mé,' agus léim an
céaċta tar an ḃalla liom, "Seo treas¬
na páirceaḋ mé," & mar sin liom gur
ċuaḋas aḃaile le linn na h-uaire sin
ḃí fir an ḃaile ag dul ag obair, & ċon¬
cadar mo ċéaċta ag léimneaḋ ṫar na
cloiḋeaċa liom, & ḃí liuġ, glaoġ 's gáire
acu am ḋiaig ag ráḋ, "Mo ġráḋ do
léim a ṡean ḃéim ċéaċta." Ar mo
ṫeaċt ar m'ais go dti 'n áit a ḃíos an
oiḋċe roiṁe sin, do stad mo ċéaċt
a & ṫuit sé fúm 'san díg; ṡiuḃalas
cois-céim no ḋó, 's ṫuiteas ar ḃior mo
ċinn 'san díg.
Ċonnairc mo coṁsglaḃuiḋe mé a
siuḃal & a tuitim & riṫeadar fa mo
ġein & rugadar leo aḃaile mé, 's ċuirig
ar mo leabaḋ mé, & níor ċoiréas as
san ar feaḋ seaċt seaċtṁaine, no go
d-táinic bean siuḃail an t-sliġe traṫ¬
nona lae ceoiġ & d'iarr cad a ḃain
dom. D'iniseas san di, & duḃairt sí
liom ná leiġiseoċaḋ go bráṫ mé, aċ go
g-cneasoċaḋ sí le luiḃ do'n slánlus mé
atá ag fás i bpáirc na leasa, & an sin
d'imṫiġ 's ṫag ċugam é, do riġn céirin
de & ċuir liom ṡúil é, 's a g-ceann trí
lá ḃí mo ṡúil cneasaiġṫe, & mé ollaṁ
ċum dul a ḃeiḋil mo gnoṫa.
Sin é mo sgeul-sa, & má's breug é
biḋeaḋ sé mar sin.
Críoċ.
triopallaċ, tidy.
faiteaċ, timorous.
mánta, modest.
get, a start, a fright.
foluaimneaċ, prancing.
falaraċt, pacing.
droċar, right straight.
céirin, a poultice, plaster.
moguil, acorns, nuts clusters of
nuts, etc.
