34
AN GAOḊAL
UAIR NA SAOIRSE,
Leis nGaḃar Donn.
Seinim, seinim ins an oíḋċe,
Éist! naċ brónaċ é an dán!
Seinim, seinim daoiḃ a ċoíḋċe,
Tá mo ċroíḋe de ḋoilġeas lán,
Tá an ġlóir do ḃí ag Éirinn
Imiġṫe mar ċeo ar sliaḃ,
Cáit a ḃfuil gan níḋ do ḃéirinn
Di an ġlóir ḃí aici riaṁ?
Imiġṫe! mo irear, gur fior sin!
Imiġṫe mo ṁíle brón!
Oċ! oċón! a mbéiḋ go síor sin?
Mbéiḋmíd truailliġṫe go deo?
Éist! ní ḃéiḋmíd, tá ar ndaoine
Músgailt fa ḋéire, béiḋid
Treun i mbualaḋ, luaṫ i sraoineaḋ
Feuċ! ċum ċaṫa ceartais téiḋid!
Ta a mbrataċ glas i n-áirde,
Tá sé ag luasgaḋ leis an ngaoiṫ,
Téiḋid ċum buaḋa nois, a ċáirde,
Buailfiḋ síos ar náṁ gan sgíṫ!
Béiḋ an láṁ ċóir fós i n-uaċtar,
Raċaiḋ faoi ar sgriosadóir,
Béiḋmíd saor; óir, feuċ! ní múċtar
Lóċrann Éireann díl, ar stóir.
Cosṁuil leis an lóchrann órḋa
Las Naoṁ Bríġid fad ó 'n ar measg,
Béiḋ gráḋ fíor gaċ gráḋuiġṫeóra
Éireann óiġ'; 's béiḋ mór a ṫásg,
Tá an tsaoirse féin ag foillsiuġaḋ
Slíġe ar slánuiġṫe 'nois dúinn;
Tá a solus geal ag soillsiuġaḋ
Rian na glóire fíre buain'.
Béiḋiḋ gan ṁoill, tá 'n t-am aig aoiseaḋ,
Tá a sgéiṁ gaċ uair aig feoġaḋ —
Oċ! tá brón ro-ṁór i 'm ċroíḋe-se —
Tá na bláṫa nois aig dreoġaḋ.
'Nois is miṫid daoiḃ do ḃualaḋ
Síos ḃur náṁ, giḋ mór a neart,
Éirġiḋ, 'na bí feasd' d'ḃur dtruailliuġaḋ,
Reubaiḋ 'n brataċ dearg go ceart.
Cuiṁniġiḋ ar mór-ġlóir ḃúr n-aiṫreaċ —
Iad a troid go dána, treun,
Ins an gcaṫ os cóṁair gaċ caṫraċ —
Iad a ḟulang bruid a's leun.
Ort, a Luimneaċ ḃreáġ, ní deunfar
Dearmad ort gíḋ mór ar gcaill —
Dóṫċus geal ar síl ní seunfar —
Támaoid 'fuireaċ ar an ḃfaill!
