(28)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4.
LÚĠNÁS,
1897.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta ó ḋulṫaoḃ 12, 2aḋ Uiṁir).
é, aċ go raḃ an súġ so níos cosaṁla
le ola.
Ċuir sé i bpota beag é, ⁊ beagán
uisge air, ⁊ leag sé air an teine é go
raḃ an t-uisge ag fiucaḋ, ⁊ annsin do
ġlac sé cúpán ⁊ líon sé leaṫ suas leis
an t-súġ é ⁊ ċuir sé d'a ḃeul féin é.
Ṫainic sé inn a ċeann ann sin gur
niṁ do ḃí ann, b'ḟéidir, ⁊ go raḃ na
daoine maiṫe ag cur caṫuiġṫe air é
féin do ṁarḃaḋ leis an gcleas sin, nó
an cailín do ċur ċum ḃáis i gan ḟios
dó.
Ċuir sé an cupán síos arís, ⁊ ṫóig
sé cúpla braon ar ḃárr a ṁéire, agus
ċuir sé in a ḃeul iad. Ní raḃ siad
searḃ, ⁊ go deiṁin ḃí blas milis taiṫ-
neaṁaċ orra. Ḃí sé níos dána in sin,
⁊ d' ól sé lán meuracáin de, ⁊ in sin
an oiread eile, ⁊ níor sguir sé ḋe go
raḃ leaṫ an ċúpáin ólta aige. Ṫuit
sé 'na ċodlaḋ in sin ⁊ níor ḋúisuiġ sé
go dti an oiḋċe, ⁊ ḃí tart ⁊ ocrus
mór air.
B'éigin dó fanaṁaint in sin nó gur
éiriġ an lá, aċ ċuir sé roiṁe, ċo luaṫ
⁊ ḋúseoċaḋ sé ar maidin, go raċfaḋ
sé go hinġean an Riġ ⁊ go dtiúḃarfaḋ
sé deoċ di de ṡúġ na luiḃe.
Ċo luaṫ ⁊ d'éiriġ sé ar maidin ċuaiḋ
sé anonn go teaċ an t-sagairt leis an
diġ in a láiṁ, ⁊ níor ṁoṫaiġ sé é féin
ariaṁ ċo gasta, gaisgeaṁuil, aigion-
