AN GAOḊAL.
39
Is truaġ mar ṫréig an cineaḋ Gaoḋalaċ
Teanga ḃinn na naoṁ le feall,
Agus gráḋuiġeann siad Beurla 'n tíoráin
Aṁuil mar ġníḋeas gaċ tráill;
Sud mar ṫarlaḋ an díoḃáil,
Oir d' uṁlaiġ Gaoiḋil do Ġáill;
Aċt tá an Ġaeḋilge 'rís d'a gciapáil
In Éirinn ġlas na mbeann.
Na Gaoḋail do ṫréig an Ġaeḋilge
Bu leaṁ, táir, amaideaċ a ngnás,
Ḃí siad cnáid'ṁuil, geaḃ'ṁuil, sgéanṁuil,
'San Ġaeḋilge air leabuiḋ an ḃáis;
Giḋ gur ḋíbliġ-dear an Ġaeḋilge,
Naċ deas, péacaċ tá sí fás —
Anois tá a cáil 's a cliú meuduġaḋ
In-Éirinn ġlas na mbeann.
Is iomaḋ buaċaill Gaoḋalaċ spéiseaṁuil
'Gus caoin ċailín tréiḋeaċ, tlá,
Do ṫriall ṫar muir faoi ġeur ċúṁa
Ó ḋil Éire, tír ar ngráḋ,
Aċt Gaeḋilge ḃinn na h-Éireann
Ní éilióṁaḋ siad go bráċ —
Naċ mairg a ṫóig a riaṁ iad
In Éirinn ġlas na mbeann.
Anois tá mo ḋán-sa críoċnuiġṫe
Agus measaim féin go ḃfuil sé in am,
'S lé dúil go ḃfeicinn gleóite, gleusta é
Stríocaim do'n laoċ léiġ'nta ualóċáin
'Sé gráḋ agus gean gaċ Gaoḋal é,
Agus go mairiḋ sé ḃfad slán —
'Sé díl ċaraid na binn Ġaeḋilge é
Ḃí in Éirinn ġlas na mbeann.
Ċum Fear-Eagair agus Ceannaire an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋílis. —
Tá mo ċroiḋe líonta le dáiṁ,
Mo ġean 's mo ġráḋ le ċéile fiġte,
Aċt ní ḟeudaim mo ḃuiḋeaċas ortsa a
sgríoḃ le peann,
Giḋ gur fada a tá go leor de gliġte,
Guiḋim sonas, aṁantur ort 'gus áḋ ;
Na raiḃ go bráċ ort treaġda no tinneas,
Is gleoite a ḋiriġean tú na dáin,
Agus bíḋeann a lán díoḃ cam go minic.
Do ċara
Maitias Ua Guairiam.
In his concluding stanzas, our friend Gorham is so profuse
in his compliments to us that the characteristic brass of the
editor's cheek is turned into a blush in ours,
—Ed.)
