AN GAOḊAL
45
The following poem is a copy of a contribution sent
by a Gael subscriber to the Oireaċtas. It reads well,
and we think the writer would have received a prize
had he conformed to the Rules promulgated by the Com¬
mittee.
CONAĊLONN ṀIC AN OIḊRE
Ag Fáiltiuġaḋ Oireaċtas na n-Éireannaċ.
Ceud míle fáilte, dé ḃur mbeaṫa 's fad saoġal,
A uaisle ṡár-ṁúinte, agus gráḋuiḋṫeóra na nGaoḋal,
Cuir ċugainn an teaċdaireaċt, ċualamar an sgeul,
Go ḃfuil féis ċeoil 's oireaċtas le ḃeiṫ ar bun agaiḃ féin.
Agaiḃ féin tá an ceart, da réir mar a léiġim,
Ḃur nGaeġilge go beaċt, do ċoimead fá réim,
Mar má léigfiḋ siḃ di eugaḋ, imṫeoċaiḋ uaiḃ an seun,
'S béiḋ ḃur dtír ḃoċd nios dona, 's a muintir fa leun.
Fa leun tá na Gaeḋil ḃoċd' i nEirinn le fada,
'S baḋ iongnaḋ mór linn dá ḃfuiġidis féin dada,
Ó Ṡaġsonaiġ an ḟeill' na biṫeaṁnaiġe bradaḋ,
Do sgiob leoṫa a maoin, 's riġn dioḃ bluic magaḋ.
Bluc magaḋ is seaḋ iad, imeasg ciniḋe an doṁain,
Ag iarraḋ a saoirseaċt, 's gan focal ann a gceann
Aċt guṫ an ḃuaḋóra, a laḃairt Beurla cam,
Ag taisbeant go soiléir, go raiḃ an smaċd go teann,
Go teann deir na Gaill, d'a ṁaoiḋeaṁ linn gaċ ló,
Go raḃ Éire go boċd dealḃ, gan ciste, 's gan croḋ,
'S gur le maiṫ air na daoiniḃ do ṫugadar féin fúṫa,
A deunaṁ a ndiṫċioll air iad uile do ṁúineaḋ,
Do ṁúineaḋ in eaḋ deir siad mar ṁúineadar ár sinsear
A goid uaṫa, 's a fuadaċ, d'a ruagaḋ 's d'a ndíbirt,
Gan aon niḋ le múineaḋ acu, aċd stáir bréige 's éiṫeaċ,
D'ḟág iad gan eolas ann a n-aṁasain gan éifeaċt,
Gan éifeaċt in a gcaint, i dteanga na nGall,
Ag ṫileaṁ aon saoirseaċt do ċlann Ġaoḋal Inisfáil,
Le dá ṫrian dioḃ ann earaḋ, agus deilte ó na ċéile,
Mar daoiṫe, gan tír-ġráḋ, ó ċailleadar an Ġaeḋilge.
An Ġaeḋilge ḃinn ḃlasta laḃair Éireannaiġ fad ó,
Tá sí fós in ar mbeulaiḃ, 's béiḋ sí ann gan ġó,
Mar laḃarfam an ċáint seo ann ar seanċus gaċ ló,
'S coimeadfam a h eolas ann ár n-inntinn go deó.
Go deo a ḋaoineaḋ uaisle, mo ċoṁairle, uṁal, mánta
Coimeaduiġiḋ bar muinntir misneaṁuil, macánta,
'S congnóċam ag cosaint ḃur dteanga galánta —
Seo, bail ó Ḋia orraiḃ agus ceud míle fáilte!
