Cuirim róṁaiḃ-se na naoi míle fáilte,
Roiṁ mór agus beag, roiṁ óg agus sean,
Roiṁ fear agus bean agus páiste.
III
Tá cláirseaċ na h-Éireann le fada faoi ḃrón,
Agus lionnduḃ, oċón! ar a téadaiḃ,
An ċláirseaċ do ḃí 'na lúṫġáire do 'n ċroiḋe,
Atá sí gan bríġ, a's í réabṫa.
Aċt sgiṫfiḋ sí ceól ann sna spéarṫaiḃ go fóill,
Béiḋ guṫ ins gaċ téad do ḃí briste,
Imṫeóċaiḋ droċ-ṡíon, soillseóċaiḋ an ġrian
Ar ṡlóiġtiḃ na ḃFiann ḃí sgríosda.
IV
Do fuaras an focal ó éan ar an gcuan
Agus duḃairt sé naċ buan a's naċ síorruiḋe
An sgláḃuiḋeaċt d'ḟág an t sean-ṁáṫair faoi ċráḋ,
A's go ḃfuiġimid a ḃfuilmid d' iarraiḋ.
Ag feadóig an t-sléiḃe do ċualaiḋ mé sgeul
Go gcuirfiḋear an Gaeḋeal in áirde,
Luċt béarla faoi ċeó a's faoi náire go deó,
Agus sonas a's sóġ ar ár gcáirdiḃ.
V
Cá ḃfuil na daoine de ṁuintir Uí Néill
Naċ gcamfaḋ a mbeul leis an mbéarla?
De ṡlioċt na ríoġ mór, Clann Ċonaill, Clann Eóġain,
A's Gearóid ḃí i Laiġniḃ 'na Iarla?
Ó Conċuḃair, ḃí i n-Éirinn 'na ríġ,
Ar ṫréig siad teanga a máṫar?
Ar ċaiṫ siad díoḃ an diallaid d'a ndruim
Le dul gan aon tsuim faoi an t-sraṫar!
VI
Árdóċamaoid teanga na h-Éireann le bród,
Ár sonas, ár seód, a's ár bpéarla,
A's cuirfiḋ sí ruaig a's béarfaiḋ sí buaiḋ
Ar Ġlafarnaiġ ċruaiḋ an Ḃéarla.
Ní ḃfuiġiḋ sí bás aċt ḃéiḋ sí ag fás
I n-a crann ḃreáġ ċraoḃaṁail áluinn,
Agus sgapaiḋ an sgeul ó ḃeul go beul,
Go mbéiḋ saoirse 'gus seun le fáġail ann.
'Tis a pity that some of our “high-toned Irishmen
who promenade Sackville St, Dublin, and Broad¬
way, New York, cannot read or comprehend the
scathing rebuke administered to them in the lines
reminding them that, "By adopting the English
to the exclusion of their mother tongue, they ex¬
change the saddle for the straddle” !
