62
AN GAOḊAL
ciúin ins an ḃfeur, ar eaglaḋ go dtiuḃ¬
raḋ an faṫaċ faoi n-deara é. Aċ ḃí
an t-áḋ air, mar ní ḋeaċaiḋ an faṫaċ
asteaċ ins an g-coill an taoḃ do ḃí
Goillís, aċ an taoḃ eile
Ċo luaṫ & ḃí sé imṫiġṫe as a raḋarc
ṫainit Goillís amaċ, & ḋruid sé anonn
ċum an ċaisleáin, & nuair a ṫainic sé
faoi 'n mballa, ċualaiḋ sé goṫa daoine
ag caoineaḋ & ag ceasaċt astiġ ann, &
ṡaoil sé gur ċualaiḋ sé guṫ a ḃaintiġ¬
earna féin in a measg
Ṡeas sé faoi an tor do b' áirde, &
ġaḃ sé go milis, mar ḃí guṫ maiṫ aige,
aḃrán beag do ṫaiṫniḋ le inġin an Rí,
nuair a ḃí sí i d-teaċ an t-sagairt,
mar duḃairt sí go mbuḋ é mac-saṁail
an ṗuirt é do ṡeinneaḋ sí féin nuair
bí sí ins an ḃFrainc. Do ġaḃ Goillís:
"Ċuir mé mo Ṗílíḋ ċait
Suas go Beultráiġ,"
& d'ḟreagair guṫ na mná uaisle é as
an ḃfuinneóig amaċ. —
"Agus ṁarḃ sé caora
Air ḟear ins an áit."
Agus in móimeud in a ḋiaiġ sin ċuir sí
a ceann féin amaċ ar an ḃfuinneóig &
ċogar sí go ciuin,
'Ṫug an faṫaċ asteaċ in seo mé, &
níor ṫug sé dadaiḋ le n-iṫe ḋam ó
ċuir sé in seo faoi ġlas mé, & ċogar
Goillís air air ċuici.
"Dá mbeiḋeaḋ rópe agad d'ḟeudṫá
ṫeaċt anuas — tá 'n ḟuinneog leaṫan
go leor"
Aċ sul d'ḟeud sé aon ḟocal eile 'ráḋ,
ġlaoiḋ sí amaċ go ḃ-faca sí 'n faṫaċ
teaċt ar ais ameasg na g-crann, agus
gur b'éigin do Ġoillís imṫeaċt. D'ion¬
taiġ sé & riṫ sé ar ais do'n g-coill, &
go direaċ mar do ḃí sé i ḃ-folaċ, ṫáin¬
ic an faṫaċ amaċ ar an taob eile, &
d'ḟosgail sé an geata práis le eoċair
ṁór iarainn & ċuaiḋ sé asteaċ, & ḋruid
sé 'n geata go cúramaċ 'na ḋiaiġ arís,
& ċuir an geata osna as & é ḋ'a ḋrui¬
diṁ. D'ḟan Goillís tamall fada, ag
fanaṁaint no go dtiocfaḋ sé amaċ a¬
rís, & nuair nár ċorruiġ an faṫaċ, ṡíl
sé dá dtiucfaḋ leis rópa ḋeunaṁ de
ċairt na g-crann, go dtiucfaḋ leis an
mnaoi ḃoiċt ṫeaċt unuas le n-a ċong¬
naṁ. An móimeud a ṫainic an smuai¬
neaḋ sin in a ċeann, ṫoisiġ sé ag oib¬
riuġ', & ċuaiḋ sé do'n ċrann buḋ foigse
ḋó, & ḃain sé slíosóg ḟada de 'n ċairt
de, agus ḃí 'n ċairt sin roiġin agus
láidir. Ċas sé agus ḋúbail sé í, agus
rinne sé srang ṫiuġ dí, agus ċroċ sé
as geugán crainn í, agus nuair fuair
sé gur iomċair sí a ṫroime féin, ḃí
luṫġáir ṁór air.
Níor sguir sé go raḃ teud fada
láidir deunta aige, agus ḃí sé d'a
ċruṫuġaḋ ag feuċaint an raḃ sé láid¬
ir go leor le meaḋaċan inġine 'n Riġ
d' iomċar, & nuair i ḃí sé réiḋ deun¬
ta aige, d'ḟan sé ar bruiṫ le mío-ṡuaiṁ¬
neas no go dtainic an oiḋċe, & ċo luaṫ
& ṫainic sí, & do ḃí 'n ċoill & an cais¬
leán & h-uile rud eile socair & ciúin d'
ḟág sé fosgaḋ na gcrann & ċuaiḋ sé a¬
maċ trasna 'n ṁóinḟéir & ṫar an aḃ¬
ainn, no go dtainic sé go dti an cais¬
leán.
Ṡeas sé faoi 'n tor in a ḃfaca sé 'n
ḃean óg, & ṫoisiġ sé a feadaoil an
ṗuirt ċeudna go socair, sáiṁ, agus
níor ḃ' ḟada gur ċualaiḋ sé fead ḃeag
ċaol eile d'a ḟreagairt Ċogair sé le
guṫ caol, beag,
"Ṫug mé róra liom. dá ḃfeudṫá a
ṫarraing suas ċugad as seo?" agus
d'ḟreagair glór na mná óige,
"Ní ṫig liom."
Ḃí sé i rioċt ċo dona & ḃí sé ariaṁ
anois, agus níor ḟeud sé cuiṁniuġaḋ
air aon t-sliġe le n-a ċur suas ċuici.
Ṡaoil sé air deire dá dtiucfaḋ léi¬
ṫe srang ḃeag a ḋeunaḋ d'a h-eudaiġiḃ
féin agus a leigint sios ċuige, ceann
a rópa-san do ċeangailt as, go ḃfeud¬
faḋ sise a tarraing suas ar ais léiṫe,
d'ḟiafruiġ sé go ciúin dí an ḃfeudfaḋ
sí sin a ḋeunaḋ, agus duḃairt sise go
ndeunfaḋ si a diṫċioll.
(Le ḃeiṫ leanta.)
