AN GAOḊAL.
65
PHILA, AN DARA LÁ DÉAG
De Mí Na Nodlac, 1897.
A Ċara Ḋílis ; Seo aḃrán ḋuit a fuair mé ó ċeaṫ¬
ar fear as Condae Ḋún na nGall agus beirt ḃan as
Condae Ṡligiġ. Tá sé ċo ceart anois agus ṫig liom-sa
a ḋeanaḋ. Má ṡíleann tú naċ n-deanfaḋ aon líne aṁ¬
áin a tá ann, ṫiocfaḋ leat a ráḋ ;
"Dá mbeiḋeaḋ cailleaċ ḋeas agam," nó
"Dá n-dearcfaḋ an caṫ orṫaí,"
ná rud éigin mar sin
Duit-se go fíor,
Doṁnall O'Murċaḋa.
AN t-SEAN ḂEAN DÓIĠTÍ
Tá mé póstaí air ór 's air airgiod,
'S craicionn sean ṁná síntí air leabaiḋ liom;
B'ḟearr liom an óige gan bó gan gaṁain aicí,
Ḃéarfaḋ mo ċroiḋe 'stiṫ spéis agus taitneaḋ diṫ.
'S ní h-í an t sean ḃean go balaċ a ṗós mé,
Aċ a t-ór 's a t airiod a ḃí ann a póca ;
'Nuair a ṫug mé ċugam é go d-téiḋinn dá ċoṁaireaḋ,
Ní ḃ-fuair mé ann aċ píosa crónaċ.
A ṡean ḃean aosta, cuirim diġe 'gus deacair ort,
A luiḋe 'san oiḋċe 'gus aig éiriġ air maidin ḋuit ;
Do ċos go leonaiḋ tú 's nár ḟáġ' tú teagasc diṫ,
'S mo ṁallaċt féin go raḃ síos a d-talaṁ leat.
Ġeall a' t-sean ḃean airgiod agus ór daṁ,
Ġeall sí sin agus cuid ṁaiṫ ṁór ḋaṁ;
Ġeall sí féirín lá aonaiġ 's margaiḋ,
'S ní ḃéiḋinn-se aig éilliuġaḋ dá mbéiḋeaḋ céile leapta
[agam.
Ġeall a' t-sean ḃean a niḋ buḋ doiliġ diṫ
Loingis óir a ċur faoi ṡeoltaiḃ airgid;
Dá ḃaile ḋéag de ḃailte margaiḋ.
'S cúirt ġeal ġléigiol air ḃruaċ na fairge.
'Nuair a ṫéiḋim-sa ann aifrinn Dé Doṁnaiḋ
Agus aṁarcaim uaim air na cailíniḋ óga;
Biḋeann mo ċroiḋe agam go d-tigiḋ an traṫnóna,
Go ḃ-pillim aríst air a' t-sean ḃean ḋóiġtí.
Ḃéirim-sa mo ṁallaċt ḋo'n t-sogart a ṗós mé.
'S ní ḋó is cóir aċ ḋo na buaċailliḋ óga,
'Nuair naċ d-tug siad daṁ-sa páirt ḋá g-coṁairle,
Sul ḋár úḃairt mé an "Gaḃaim" leis a' t-sean ḃean ḋóiġtí.
Air éiriġ 'maċ daṁ go cúl a' ġárṫaiḋ,
Fuair mé mo ṡean ḃean anns a' díogaiḋ báiḋtí,
Ṫarrainn mé 'níos í, air ġréim bárr láiṁe,
'Gus ċualaiḋ an saoġal mo ċroiḋe 'stiṫ a gáiriḋ.
díoṫ
dí-ú
