Ḟág sé in sin í, & mar ċualaiḋ sí gol
& caoine & ceasaċt na ndaoine eile do
ḃí annsa' gcruaḋáil ċeudna.
Buḋ mar sin do ċaiṫ siad cuid de 'n
oiḋċe, aċ nuair a ḃí sé anaice fáinne
'n lae, d'éiriġ siad, & rinne siad deaḃ¬
aḋ & deifir le fágḃail na coille móire.
Ḃí siad trí no ceiṫre uaire ag siúḃal &
ḃí an ġrian árd ins na speurṫaiḃ an¬
uair a ṫainic siad amaċ aisti faoi
ḋeire & ḃí 'n ḃeirt aca beagnaċ marḃ
le eagla & le obair Ḃí siad beagnaċ
a fáġail ḃáis leis an ocrus, aċ ċonnca¬
dar boṫán beag i ḃfad uaṫa, & nuair
ṫainic siad ċo fada leis fuaireadar
sean ċailleaċ astiġ ann. D'iarr siad
greim aráin in ainm Dé uirri, & fuair
siad é. Ḃí siad ro ṫuirseaċ le siúḃ¬
al níos mó, & d'ḟiafruiġ siad de 'n g¬
cailliġ an leigfeaḋ sí dóiḃ luiḋe ins an
teaċ an oiḋċe sin, 7 duḃairt sí go
leigfeaḋ & fáilte. Air ṫeaċt an traṫ
nó ia ṫainic inġean na sean ċailliġe as¬
teaċ, & ḃí sí níos gránna & níos duiḃe
ná a máṫair dá mb'ḟéidir é. Rinne
sise ḋa leabuiḋ tuiġe & ċuir sí cuireaḋ
ar Ġoillís & ar an óġṁnaoi luiġe síos
& ḋul in a gcodlaḋ, "mar ḃí sí cinnte
go raḃ siad sáruiġṫe" Ṫugadar buiḋ¬
eaċas di, & luiḋ siad síos, & ṫuit an
ḃainṗrionnsa in a codlaḋ ar an mball,
aċ ní raḃ aon spéis ag Ġoillís ins na
cailleaċaiḃ & níor ċodail sé neul, aċt
leig sé air tar éis seal beag, do ḃeiṫ
in a ċodlaḋ, & ṫoisiġ sé sranntaiġil.
Ċuaiḋ an ċailleaċ anonn ċuige le
coinneal & ċongḃaiġ sí os coinne a ṡúi¬
le í, aċ níor ċorruiġ sé agus ċuaiḋ
sé ar aġaiḋ i sranntaiġil, go raḃ sí
cinnte go raḃ sé in a ċodlaḋ dáríriḃ.
Nuair i ḃí sí sásta ag breaṫnuġaḋ air¬
sean, ċuaiḋ sí anoin do 'n ḃean ṗrion¬
sa, & d' aiṫniġ sí ar an bpuinnte go
raḃ sí in a troṁ-ċodlaḋ Ċuaiḋ sí ar
ais do 'n teine & ṫoisiġ sí ag caint go
sáiṁ le n-a hinġín, aċ ċogair siad ċo
h-íseal sin 'nár ṫuig Ġoillís creud do
ḃíḋeadar a ráḋ, aċ ḃí aṁrus, & fait¬
ċíos air naċ raḃ aon rud maiṫ le deu¬
naḋ acu. Ċuir sé cluas ġeur ar féin
& ċualaiḋ sé ar deire mar duḃairt an
ṁáṫair, "is ar éigin ṫiucfaḋ leis ḃeiṫ
inseo le éiriġe 'n lae," & d'ḟreagair an
inġean í "tá 'n t-Iṫeadóir luaṫ."
"Maiseaḋ, marḃfáisg orra," 'r Goil¬
lís!" in a ċroiḋe féin, "ce ṡé an t-iṫ¬
eadóir, no cad é; & cad ċuige ḃ-fuil
sé teaċt annso? Míle mallaċt ar na
sean ċailleaċa gránna! tá faitċios
orm rómpa."
Duḃairt an ṁáṫair arís, "imṫiġ leat
anois agus fill leis ċó luaṫ a's féidir
leat," & d'éiriġ an inġean ġránna agus
ċaiṫ si a fallaing uirri & d'ḟág sí an
teaċ.
Má ḃí faitċíos ar Ġoillís boċt roi¬
ṁe sin buḋ seaċt ṁó é nuair a d'ḟan
sé le leaṫ uair & naċ ḃ-faca sé í teaċt
ar a h-ais Ḃuail sé é mar ḃuille tinn¬
triġ gur ag iarruiġ an ḟaṫaiġ ṁór do
ḃí sí, le n-a ṫaḃairt síos orra, & le n-a
marḃaḋ; & mar smaoin sé ar sin ḃris
an allas suar amaċ ar a ṁala & ar
a eudan. ""Má ḟanamuid in seo go d¬
ti 'n ṁaidin tamuid caillte," ar sé,
leis féin; má tá aon t-súil ar biṫ ag¬
uinn le ṫeaċt saor caiṫfimid an teaċ
seo ḟágḃáil ar an bpuinnte seo."
D'iontaiġ sé ar a leabuiġ tuiġe cúp¬
la uair, & leig sé osna no ḋó, taisbá¬
na do 'n ċailliġ go raḃ sé ag dúisiuġ¬
aḋ, & in sin ṡuiḋ sé suas ins an tuiġe
& d'éiriġ sé.
Ċuaiḋ sé 'nonn do 'n teine go sáiṁ
socair, a síneaḋ a láṁ & ag osnaeġíl a¬
ṁail a's mar ḃeiḋeaḋ an codlaḋ fós
air, & ṡuiḋ sé síos ar stól beag ag an
teine, & ṡuiḋ an tsean-ċailleaċ ag an
taoḃ eile de 'n teaġlaċ. Ṫoisiġ sé ġ'a
ṫéiṫeaḋ féin, & d'iarr sé cóṁráḋ do
ċur ar bun eidir é féin & an ċailleaċ,
aċ d'ḟreagair sí go geárr & go crosta
é ċo minic agus d'ḟosgail sé a ḃeul
Ṡaoil sé go mbuḋ droċ ċosaṁlaċt é
sin, & ḃí sé ag éiriġe cinnte go raḃ
droċ rún ag muinntir an tiġe seo.
D'ḟiafruiġ sé faoi ḋeire di, gan a
imniḋe leigint air, cia raḃ a h-inġean
imṫiġṫe uaṫa, & d'ḟreagair an t-sean-
ḃean go geur é,
"Ní ḃaineann sé ḋuit-se cia bé áit
