74
AN GAOḊAL
a ḃ-fuil sí imṫiġṫe, ní ṡé sin do
ġnóḋ-sa."
Ba iomarca é sin dó Rinne sé aon
léim aṁáin, & rug sé ar sgornaiġ na
cailliġe & ṫuit sí faoi, le sgread áiṫ¬
ḃéil a ḋúisiġ inġean an Riġ.
"Damnuġaḋ síorruiḋe ort a ṡean
ċailliaġ na bpiseog," ġlaoiḋ sé, 'meas¬
ann tú go dtig leat mo ṁeallaḋ-sa,
innis dom ar an bpuinnte seo cá ḃfuil
d'inġean no bainfiḋ mé do ṁuineul
gránna díot ar aon ṡásgaḋ" Do
sgread an ċailleaċ, & ṫroid sí & ṫuit
sí ag strapaireaċt ar an urlár, aċ
ḃí a láṁ aige ar a píobán agus níor
sgaoil sé a ġreim,
Innis dam cá ḃ-ġuil d'inġean, a ḃean
gan ṁaiṫ, gan náire," ar sé, "no taċt¬
faiḋ mé ṫú" Naċ leigfiḋ tú ḋam laḃ¬
airt," ar sise, ar éigin, "agus innseo¬
ċaiḋ mé rud ar biṫ ḋuit."
Sgaoil Ġoillís a ġreim in sin, aċ
níor ḟág sé maċ-'s-amaċ í
"Abair leat!" ar sé, agus muna gniḋ
tú faoistin fíor dom tá 'n bás i ndán
duit anoċt"
"Ċuaiḋ sí do'n tobar a tarraing uis¬
ge le bruiṫ mine ċum ḃur n-aġaiḋ-se a¬
máraċ," agus cad é 'n sórt cúitiuġaḋ
é sin ar mo ċineáltas duit-se nuair
a ṫug mé leabuiḋ, didion, agus biaḋ
ḋaoiḃ, agus 's sé 'n buiḋeaċas a fuair
mé go ḃfuil mé beagnaċ taċta agad."
"Basgaḋ ort! ṫug tú d'éiṫeaċ, a
ġlaoiḋ Goillís, "dá mbuḋ dul do 'n
tobar do ḃeiḋeaḋ sí ag imtheaċt ḃeár¬
saḋ sí canna no soiṫeaċ léiṫe, agus ní
raḃ in a láiṁ aċ bata nuair d'ḟág sí
'n teaċ mar ḃí mise ag breaṫnuġ' uirri"
(Le ḃeiṫ leanta)
Sgríoḃṫa Do 'n Ġaoḋal
Le Niall Deber, Eoḃraċ Nuaḋ.
Air fud an doṁain, ó ḃan go ban,
Gaċ áit ḃfuil pór an duine le fáġail,
Cad is a ṁaiṫeas niḋ sin súiniḋ
'Sa ḃéarfas beannaċt ar gaċ ball:
Cad is ann moṫuġaḋ a tá 'sa ċroiḋe
Ḃeir buaḋ go cinnte ar ḃród ar mian,
Sé 's beanaiġ 's daora, 's fíor, 's fearr
'Sé gráḋ go deo ar d-tíre ḟéin.
Cia 'n scláḃuiḋe aingise ḃéareas cúl
do ġráḋ a ċáirde, 'ġaol 'sa ṫír;
Nois malairt ar gaċ niḋ 's náireaċ,
Scarann sé le iad is daoire.
Ní'l faoi 'n gréin aċt scláḃuiḋ 'ṁáin,
Tá aingiseaċ, náireaċ in a ṁian,
A ċaill a ṁaiṫeas, a ḃróid 's náire,
An t-Eireannaċ a ṡeunfas féin.
Tá 'r d-talta toroċtaċ, saiḋḃir, deas,
Is riġ'ṁúil, breáġ ar gcnoc go léir
Is folláin áille ḃí ar tír go uile,
Tá sláinte croċta ar an fpéir;
Aċt cé ḃeir diṁeas air ar dtír
Ḃeir gráin 's fuaṫ d'a nádúr féin
Cé aċt an scláḃuiḋe 'slú 'sis gránna,
An tÉireannaċ a ṡeunfas féin.
Tainic an Sasanaċ 's ṫug sé aġaiḋ
Go santaċ, loċtaċ ar ar d-tír,
Cé 'n tÉireannaċ naċ d-tógfaḋ 'láṁ,
Aċt cuidiuġ' leis, as rinn' sinn daor;
Cé ḃí gan ainim 's ḃí gan ċroiḋe,
Ḃí ar náṁaid, 'ná t ar gcáirdiḃ féin.
Scláḃuidhḋe gránna 'n tíoránuiḋe,
An t-Éireannaċ a ṡeunfas féin
Ag angcaltas, is ag míċeart,
Le saoġalta 'nois ḃí sdiúra 's riaġail.
Ḃí marḃṫa 's buaiḋreaḋ in 'sa tír
Baint scread 's osna as Clanna Gael.
Ce ṫiocfaḋ aċt naċ dtóigfa 'n trum
Bí'r gclaoiḋ 'sar gcráḋ ṫógaint dínn,
Ṫeann na cruaiḋ ṫeudaḋ ar gceallta,
An t-Éireannaċ a ṡeunfas féin.
Aċt raob sinn ceallta 'n tíoránaiġ,
'S fuair sinn scarṫa uaiḋ go fíor,
D' éiriġmid suas go láidir, treun,
is ṁínimid ḋó go mbeiḋeaḋ sinn saor,
Aċt congḃaiġiḋ súil ar scláḃuiḋ 'ṁáin
Tá aingiseaċ, náireaċ in a ṁian,
'Sé ḃéarfaḋ cráḋ go fós ar Éire,
An t Éireannaċ a ṡeunfas féin
P D Only one member, M. A. O'Byrne, of
the New York Gaelic Society is a subscriber to the
Gael. The Philo-Celtic Society takes five copies,
and a large number of its members are subscribers.
