AN GAOḊAL
81
Aċ ṫuit an biorán as an mbraiṫlín
& sgior cean de na leanḃaiḃ amaċ ais¬
ti — scuab an Ḃean-Síḋe léiṫe é go dtí
a aṫair; ṫug an t-aṫrir d'a ḋearḃrá¬
ṫair é le n-oileaṁuint, & le ceird na
gaiḃneaċta do ṁúnaḋ ḋó, mur buḋ í 'n
ċeird do b' ḟeárr & buḋ ṁeasaṁla in
Éirinn ins an am sin í.
D'ḟás an t-oiḋre suas in a óglaoċ
ṁór, aigeanta, lúṫṁar & ḃí cion mór
ag Balor air, aċ ní raḃ ḟios aige gur
mac inġine ḋó féin a ḃí ann.
Sealad tamall in a ḋiaiḋ sin, d'inn¬
is draoi do Ḃalor gur b'é Ċionnḟaoil¬
iḋ aṫair na cloinne rug a inġean Eid¬
ne. Ċuir sin eagla ṁór air, & d'imṫiġ
leis gur ċruinniġ sé díorma ḋe na h-
Allṁuraiġiḃ. Ġaḃadar Cionnḟaoiliḋ
& marḃadar é. Tá 'n ċloċ air ar bain¬
eaḋ an ceann de le feicsint ag fear
ġaḃailte 'n ḃealaiġ indiú.
Ṫóig Ṁisbi Mór Olpherts leaċta
Ċionnḟaoiliḋ sé-troiġṫe-deug ar áirde
ar ċloċ ṁarṁuir, ins an mbliaḋain
1793: 'Sé ainm na h-áite nois "Cloċ-
Ċionnḟaoiliḋ."
D'ionnsuiġ Balor arís ag slad na
tíre gan eagla roim fearaiḃ Fáil; ó
ċuir sé Cionnḟaoiliḋ ḋ'a ċois, ṡaoil sé
go raḃ an báire leis. Mur ba ġnáṫaċ,
ṫigeaḋ sé go ċeardċan Ġaiḃide ag lea¬
suġaḋ a ċuid arm-troda, giḋ na raḃ
fáilte ar biṫ ag an dalta óg roiṁe, óir
ḃí fios aige go maiṫ gur b'é ṁarḃuiḋ
a aṫair & go ndearaḋ sé a ḋiṫċioll é
ḟéin do ċur de 'n t-saoġal.
Aċ b'éigin ḋó faire ar uain & tráṫ
le díoġaltas do ḋeunaṁ, air mar do
ṫuill sé. Ṫáinic an lá sin faoi ḋeir¬
eaḋ ná'r ḃ'ḟéidir leis an g-curaḋ an
bás a ḃí i ndán dó a ṡeaċaint.
Lá aṁáin, ṫárla go raḃ Gaiḃide ó
ḃaile, & ḃí cúram na ceártċan ar an
ngaḃa óg, ḃí Balor ag gaḃail an ḃeal¬
aiġ, & ṫainic sé 'steaċ, & ḃí fonn mór
cainte air. Ṫoisiġ sé ag deunaḋ gais¬
ge & mion-ċóṁráḋ leis an ógánaċ óg
as foṁas is ċuir sé Cionnḟaoiliḋ as a
bealaċ. ... Ċuir sin fearg ṁillteaċ
ar an óglaoċ — bí bior mór iarainn ins
an teine aige ḋ'a ḋeargaḋ — rug sé
air & ṡáiṫ sé asteaċ i ndroċ-ṡúil Ḃal¬
or é, & ṫuit Ríġ na ḃFámaire marḃ
ar úrlár na ceártċan.
Beannaċt Dé le h-anam na marḃ.
(Críoċ.)
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta ó ḋulṫaoḃ 74, 6aḋ Uiṁir).
"Ní raḃ aon t-soiṫeaċ a tastáil,"
ar an t-sean ḃean, "ḃí an soiṫeaċ uis¬
go fágṫa taoḃ amuiġ de'n teaċ."
Cad ċuige naċ ḃfuil sí ar a h-ais
roiṁe seo?" ar Goillís.
"Mar tá an tobar trí ṁíle ó'n áit
seo & tá an bóṫar olc," ar an ċaill¬
eaċ.
Ġlaoḋ Goillís arís, "Ṫug tú d'éiṫ¬
eaċ, ċonnairc mé tobar & sroṫán uisge
ceaṫraṁaḋ mile ó'n áit seo nuair ḃí
mé teaċt"
D'ḟan an t-sean ḃean le leaṫ-ṁóim¬
eud in a tost, & in sin d'ḟreagair sí,
Ní ḟeudann duine ar biṫ an t-uisge
sin ól, tá sé searḃ"
"Ní ċreidim ṫú," arsa Goillís, "is
breuga inḋiaiġ a ċéile tá tú ag inns¬
int."
Ḃí inġean an Riġ sganruiġṫe go mór
leis an obair a ḃí ar aġaiḋ, & ní raḃ
ḟios aici creud do ḃí ann. Ḃí 'n cod¬
laḋ in a súíliḃ fós, & d' ḟeuċ sí mar
do ḃeoḋ sí boḋruiġṫe leis an troid &
an sgreadaoil.
"Cad d'éiriġ ḋuit in ainm Dé, Ġoil¬
lís, Ó innis dam é," ar sí, "& ná taċt
an ḃean ḃoċt, fág í, ná bain le mnaoi
laig."
Aċ cia b'é 'n t-aṁrus do ḃí ag Goil¬
lís i dtosaċ ní raḃ aṁrus ar biṫ air
anois naċ raḃ an ċailleaċ ag imirt
feille orra, & d'innis sé 'n t-iomlán i
gcúpla focal do'n ṁnaoi óig, & duḃairt
sé go mbuḋ ṡí a ċoṁaire-sean an ċail¬
leaċ do ċeangailt le córda ar eagla
go leanfaḋ sí iad no go ndeunfaḋ sí
doċar ar biṫ ḋóiḃ, & an teaċ ḟágḃáil
ar an b-puinnte sin.
