82
AN GAOḊAL.
"Is agad-sa tá 'n fios is feárr," ar
san ḃain-ṗrionnsa, 'gus deunfaiḋ mise
rud ar biṫ a déarfas tú liom."
"Feicim rópa in sin annsan gclúid,"
ar Goillís, "& seaċad dam é."
Ṡeaċad sise an róba ḋó. Ċeangail
sé láṁa na cailliġe taoḃ ṡiar dí ar a
druim, & d'ḟáisg sé a cosa le ċéile, &
leag ar a druim ar an urlár í, rioċt
naċ dtiocfaḋ léiṫe corruġaḋ, & insin
d'ḟágadar an teaċ 'réis a bpócaiḋ
líonaḋ leis an mbeagán aráin duiḃ a
ḃí ann.
Ḃí 'n oiḋċe dorċa, & ní raḃ ḟios aca
cad é an bealaċ do b'ḟeárr dóiḃ a ḋul
aċ ḃí an oiread sin d'ḟaitċíos orra
gur buḋ ċuma leo sin, ḃí siad sásta
an teaċ malluiġṫe sin d'ḟágḃáil in a n¬
diaiġ, & rinne siad an oiread deifre &
d'ḟeud siad ins an oiḋċe, ag briseaḋ
bóṫar dóiḃ féin ameasg na g-crann &
na sgeaċ.
Ṫainic an ġealaċ amaċ faoi ḋeire
go geal, & fuair siad go raḃ siad i
réiḋteaċ ṁór lán de ċoilltiḃ beaga
crann, & de ċrannaiḃ móra ag fás leo
féin, & ḃí 'n feur fada & tiuġ ann. Ní
raḃ ḟios aca cad do b'ḟeárr dóiḃ a
ḋeunaṁ anois, ná 'n bóṫar do b'ḟeárr
dóiḃ a leanaṁuint, & mar sin rinnead
ar cóṁairle eatorra féin go mbioḋ sé
ċo maiṫ dóiḃ fanaṁuint mar ḃí siad
go dti an ṁaidin, & in sin, b'ḟéidir go
dtiocfaḋ leo cosán buailte, no bóṫar
éigin d'ḟáġail, do ḃéarfaḋ amaċ iad
go tír a raḃ daoine ann, arís.
Duḃairt Goillís go mb'ḟeárr dóiḃ a
ḋul suas i gcrann air eagla go ḃfeic¬
fiḋe iad, no go ndeunfaḋ beiṫeaċ no
rud ar biṫ eile aon anaċain no doċar
dóiḃ dá ḃfanfaidís mar ḃí siad, & ḃí
inġean an Riġ réiḋ le ḋul in áit ar biṫ
buḋ ṁian leisean, mar buḋ aige-sean
ḃí an ċoṁairle b'ḟearr, ó'n lá d'ḟág
siad an baile, & ḃí sise fóġluim taoḃ
ṁór a ṫaḃairt ḋó, & go mór ṁór anois
ó ċuaiḋ sí ċo fogus sin a ḃeiṫ caillte
mar ġeall ar a h-óinseaṁlaċt féin an
uair nár éist sí leis, an tráṫ luiġ sí
faoi 'n gcrann in a h-aonar.
Ċuaiḋ siad suas in sin ins an gcrann
buḋ ṁó acu, a raḃ a ġeugáin in aice
leis an talaṁ, & ċuaiḋ Goillís ar d¬
tús, & ṫarraing sé inġean-an-riġ in a
ḋiaiġ. Ní raḃ siad ḃfad i ḃfolaċ insin
no gur ċualaiḋ siad torann mór ag
teaċt, mar ḋuine éigin ag briseaḋ ṫre
na sgeaċaiḃ & i briseaḋ na gcipín faoi
n-a ċois. Ṫáinic an rud níos foigse &
níos foigse, & faoi ḋeire ċonncadar
go soiléir gur b'é an faṫaċ do ḃí ann,
& ḃí inġean na sean-ċailliġe ag riṫ le
n-a ṫaoḃ. Ċuaiḋ siad ṫart go díreaċ
faoi 'n gcrann, in a raḃ an ḃeirt in a
luiḋe, & ċualaiḋ siad é ag ráḋ le inġ¬
ean na cailliġe,
"Buḋ ċóir dúinn ḃeiṫ in am le breiṫ or¬
ra, ní raca sise as mo láiṁ arís, is
faide liom ná uair gaċ móimeud no go
leagfaiḋ mé mo ṁeura uirri."
Do ċraiṫ an ḃean óg nuair ċualaiḋ
sí na focla áiḃeula sin, & rug sí ar
láiṁ Ġoillís, & d'ḟáisg sé í, le taisb¬
eáint ḋó an meud buiḋeaċais do ḃí ai¬
ci air ar son a ċoṁairle-sean an boṫ¬
án d'ḟágḃáil go tráṫaṁuil. Ċuaiḋ an
faṫaċ & a ċomráid ar n-aġaiḋ rómpa &
ḃí siad gan ṁoill imṫiġṫe as a raḋarc.
"Nois," ar Goillís, "naċ raḃ an t-áġ
orrainn dul suas ins an gcrann?" &
d'ḟreagair an ṁaiġdion,
"Is anaṁ nach mbiḋeann an t-áġ ar
an rud a ċuireas tusa roṁat."
Agus bi luṫġáir ṁór ar Ġoillís in
sin, mar b'é sin an ċeud ṁolaḋ a ṫug
sí ariaṁ ḋó.
Ḃí siad eidir ḋá ċoṁaile in sin, fan¬
aṁuint ins an áit a raḃ siad go dti 'n
ṁaidin, no teaċt anuas & riṫ leo an
taoḃ b'ḟaide ó 'n taoḃ a ċuaiḋ an fa¬
ṫaċ. Ḃí an oiread faitċís orra go d¬
tiocfeaḋ sé ar a air an bealaċ ceud¬
na, gur ṡaoil siad go mb' ḟeárr dóiḃ
a ṫeaċt anuas & leanaṁuint d'a siúḃ¬
al. Rinne siad sin, & níor sguir siad
d'a gcoisiġeaċt ċo fad as ḃí 'ionnta
siúḃal, no gur éiriġ an ġrian & fuair
siad iad féin ar ḃruaċ na coille móir¬
e.
(Le ḃeiṫ leanta)
