AN GAOḊAL.
85
SLIAḂ NA m-BAN
Is aoṫ liom féiniḋ bualaḋ an lae úd,
Do ḋul ar Ġaoḋail ḃoċt a's na céadta ṡlad;
Mar tá na méirliḋ ag déanaḋ gáme dínn,
Dá raḋ naċ aon níḋ leó pice na sleaġ:
Níor ṫáinic ár major a dtús an lae ċugainn.
A's ní raḃamar féin ann a g-cóir ná g-ceart,
Aċt mar ṡeólfuiḋe aoiḋcaraċt bó gan aoḋaire,
Ar taoḃ na gréine do Ṡliaḃ na m-Ban!
Mo leun léir ar an dream gan éifeaċt,
Nar -an le séirim a's oiḋċe stad;
Go m-biaḋ duiċiḋe Déiseaċ a's Iarṫar Eireann,
Ag triall le ċéile ó'n tír i n-deas:
Do ḃeiṫ ar g-campuiḋe déanta le fórsaiġe treana,
Biaḋ coṁnaḋ Dé linn san t-saoġal ar fad,
A's ní ḋíolfaḋ méirleaċ do ṁuintin Néill sinn,
Aċt buaḋfaiḋ an sway linn ar Ṡliaḃ na m-Ban!
Is é Ros do ḃreoiḋ a's do ċlaoiḋ go deo sinn,
Mar ar fuigeaḋ mór ċuid dínn sínte, lag;
Leanḃaiḋe óga na smól ann dóite,
A's an ṁéid d'ḟan beó ḋíoḃ coir claḋríḋ sgairt;
Geallaim fos díḃ an te rinn an Fóḋla
Go m-biaḋam a g-cór dó le píce a's sleaġ,
A's go g-cuirfeam Ġeomen ag mún na m-bróga,
Ag díol a g-coṁair leó ar Ṡliaḃ na m-Ban!
Is iomḋa fear aosda á s croḃaire gléigeal,
O'n am go ċéile do gaḃaḋ le seal;
'Na ḃ-fuil córduige caola ag buaim lúṫ a n-géagḋal,
A n-domsrun daora go doiṁin faoi ġlas
Gárdaige taoḃ leó na leáṁṫa sméid orra,
Do ḋéanfaḋ plé dóiḃ a d-tír tar lear,
Da d-taḃairt saor ó na náṁaid gan baoḋċus,
A n-am an t saoṫair ar Ṡliabh na mBan!
Tá 'n Francaċ faoḃraċ 'sa loingeas gléasta
Le crannaiḃ géara ar muir le seal;
Is é síor sgéala go ḃ-fuil a d-triall go h-Eire,
A's go g-cuirfiḋ Gaoḋail ḃoiċt arís na g-ceart:
Dá maḋ ḋóiṫ liom féin go m'ḟíor an sgéal sin,
Ḃeiṫ mo ċroiḋe ċoṁ h-éadtrom le lon ar nead,
Go m-biaḋ claoiḋ ar ṁéirliḋ san aḋarc dá séide,
Ar ṫaoḃ na gréine do Ṡliaḃ na m-Ban!
Ta na cóbáiġ ag iarraiḋ eoluis,
Tá 'n aimsir óg 'san ċaḃair ag teaċt;
An té ṁeill na gnóḋta is é leiġisfeas fós iad
A's ní ḋíolfam feoirling leo cíos ná sraiṫ,
Píosa cróinneaċ an ċuid is mo de,
Luaṫ ciric bó teaglaiġ deas,
Beiḋ runce ar bóitre a's soillse ḋá n-dógh 'guinn,
Beiḋ meiḋir a's mórtas ar Ṡliaḃ na m-Ban!
