sé na daoine boċta do ġlacfaḋ
lóistín ins an mboṫán sín.
Nuair ċualaiḋ an inġean óg sin níor
ḟeud sí gan creaṫa arís ar ċuiṁniuġ¬
aḋ ḋí ċo fogus do 'n ḃás & do ḃí sí, &
ḋearc sí go carṫanaċ & go buiḋeaċ ar
Ġoillís do ṡáḃáil í.
Níor ḟeud sí ḋul níos faide le tam¬
all beag, & ċaiṫ siad trí lá san dteaċ
ósta sin, go croiḋeaṁuil, compórtaṁ¬
uil, aċt ḃí a g-cuid airgid ag éiriġe
gann & ḃí faitċíos orra fanaṁuint ċo
fada & buḋ ṁaiṫ leis an mnaoi óig.
B'éigin dóiḃ siúḃal arís & d'ḟágad¬
ar an ball sin le croiḋe buaḋarṫa,
brónaċ, aċ ní raḃ aon neart no áraċ
aca air.
Ṡiúḃal siad sé no seaċt de laeṫiḃ
'réis a ċéile gan sgíġ gan stad rómpa
& ṡaoil siad go raḃ siad ag tarraing
anaice leis an ḃFrainc. Ḃí 'n tír ann
a d-táinig siad anois fiaḋáin & cnoc¬
aċ. Ní raḃ aon rud eile aca le feic¬
sint aċ cloċa móra, carraige, & crea¬
ga árda, loċaiḃ uisge duḃa ó áit go h¬
áit ann a measg, & ḃí an bóṫar
an-ċúṁang & caol, & é ag dul suas ua¬
raiḃ ar ḃárr sléiḃe, & ḃiḋeaḋ gleann
mór, doṁain le n-a ṫaoḃ & an bóṫar
geárrṫa as an gcarraig duiḃ, & dá d-
tiuitfeaḋ duine (rud buḋ cosaṁuil go
leor muna mbeiḋeaḋ sé ar a ċoimeud)
ġeabhfaḋ sé leagaḋ míle troiġ síos go
mbrúiġfiḋe i ngiotaiḃ é ar na cloċaiḃ
geura, garḃa do ḃí ins an ngleann.
Ní gan eagla do ṡiúḃal an ḃean óg
ṫar na bóiṫriḃ dainseura so, & ḃí fait¬
ċíos uirri dearcaḋ síos ar an doiṁ¬
neaċt do ḃí fúiṫi, aċ do ṫug Goillís a
a láiṁ di, & ṫug sé croiḋe & meisneaċ
dí.
Ní raḃ mórán tiġṫeaḋ le feicsint ins
na h-áiteaċaiḃ seo, & ní raḃ aon dúil
no spéis ag Goillís no ag an mbean-
ṗrionnsa ins na daoiniḃ do ḃí 'nna g-
coṁnuiḋe ionnta, agus uile áit a ġlac
siad lóisdín, no uile ṫeaċ ann a ndea¬
ċaiḋ siad asteaċ ċualaiḋ siad sgeula
áiḋḃeula ar robálaiḋiḃ & ar ġaduiḋiḃ
do rinne 'n ḟuil a ḃí i gcuisleannaiḃ na
mna óige fuar le faitċíos,
Buḋ ṁinic a duḃairt sí le Goillís go
mbuḋ ḟeárr léiṫe na leaṫ a ríoġaċta
ḃeiṫ slán sáḃailte as an tír ġránna
sin, & go deiṁin ḃí 'n ḃaraṁail ċeud¬
na ag Goillís.
Rinne siad a ndiṫċioll le teaċt saor,
mar níor ṡiúḃal siad ariaṁ aċ do lá,
& ṫug siad aire ṁaiṫ naċ mbeiḋeaḋ
siad ar an mbóṫar tar éis luiḋe na
gréine, & níor ġlac siad lóisdín i d-
teaċ ar biṫ nár ċualaiḋ siad tuaraisg
ṁaiṫ air ó na daoiniḃ.
Mar sin ċuaiḋ siad ar a n-aġaiḋ go
cúramaċ, & ṡaoil siad naċ mbainfeaḋ
doċar ar biṫ ḋóiḃ go dtiucfaidis go
tír buḋ nádúrḋa, aċ ḃí siad meallta
in aindeion a n-aire & g-cúraim.
Ḃí siad ag dul ar an mbóṫar cúṁ¬
ang aon lá aṁáin agus ḃí 'n áit níos
fiaḋaine ná riaṁ, eidir ḋá ṡliaḃ, agus
duḃairt h-uile ḋuine air ar ċuir siad
ceist ó ṁaidin naċ raḃ aca aċ aisdir
lae le siúḃal go mbéiḋdís amuiġ arís
ins an réiḋteaċ, agus naċ raḃ ach sliġe
ḃeag le dul in sin no go mbeiḋdís ins
an ḃFrainc, agus ḃí siad ag deunaḋ
luṫġáire le ċéile, ag ráḋ naċ fada a¬
nois go mbeiḋeaḋ an torus trioblóid¬
eaċ sin críoċnuiġṫe aca faoi ḋeire.
Ḃí siad mar sin go greannaṁuil gan
brón ná ceo orra, agus ḃí 'n meaḋon-
lae go díreaċ ann, nuair ċonncadar
duine boċt crom ag deunaḋ orra, &
mála ar a ḋruim. Ċuir siad ċeist ar
an tsean-ḟear mar ḃí siad ag cur ar
gaċ duine eile do casfaiḋe leo,
"Ca ḟad ḃí sé go mbeiḋeaḋ siad in
san ḃFrainc," agus leig seisean air go
raḃ iongantas air, nuair ċualaiḋ sé
go raḃadar ag triall chum an Ḟrainc.
"Ní ċum na Fraince atá siḃ ag dul
ar an mbóṫar so," ar sé, "taḃarfaiḋ
an bóṫar so go h-oileán na ḃfaṫaċ siḃ
agus is olc an áit do ḋuine ar biṫ é
sin, muna ḃfuil duine muinnireaċ aige
'nna measg."
Ḃí sgannraḋ orra nuair ċualaiḋ
siad sin, & duḃairt siad leis gur ċual¬
aiḋ siad ó na daoiniḃ dár ḟiafruiḋ
siad an t eolas gur b'é sin an bealaċ
buḋ foigse.
