90
AN GAOḊAL.
AN T-EUG.
Sgríoḃṫa le Donnċaḋ Ṁór O'Dála Seaċt gceud
Bliaḋan ó ṡoin.
Breiṫeaṁ ceart coṁṫrom an t-Eug,
Ni ġaḃann le truen no le truaġ;
Ní ġaḃann airgiod no ór,
Agus ní ṫéiġ óg no ársaiḋ uaiḋ.
Ní daingean oiḋċe ar no lá,
Ní daingean trá ar an Eug,
Ní ġaḃann cóṁrac leis no caṫ;
Ní ġaḃann sé ba no treud.
Ar an m-bás mar ṫuigṫear linn,
Ní daingean cill no tuaṫ.
Ní daingean caisleán ar no múr,
No go g-curṫar ṫú 'san uaiġ.
Ní ḃfuil luadaraċt no lúṫ,
Do ḃéarfas thú ṫar do ṫrá;
Feuċ nár ċúṁduiġ neart a ċuirp
Samson, an draoi Manannan;
Agus Conraoi; an ḃfeicear daoiḃ gur lar,
A ċleasa golla go léir.
Níor ċúṁduiġ é ar an m-bás,
Cuċuillin Eaṁna na n-eaċ.
Nár leigeaḋ uaiḋ neaċ slán,
Solaṁ, Mac Daiḃi, geur, glic;
Is deiṁin, a ṁic, gur fíor,
Ins an uaiġ atá go doċt.
Do ċuireaḋ a ċorp fá ḋíon —
Firinne seo giḋ gur searḃ —
Ní sine nár ḋearḃ an dáil,
Is ionann agus eug dar linn.
Ḃeiṫ i léine luim an ḃáis —
O naċ dam ó 'n eug dul,
M'anam fo ċead a's fo ḋéiḋ,
Do ḃeirim do Riġ na ngrás,
Go dtigiḋ an Bás dom' ḃreiṫ.
Bourke's Easy
Lessons, p. 345.
This poem is an excellent sermon, but why not, co¬
ming from the old Abbot of Boyle. There was no Eng¬
lish language when the poem was written.
