AN GAOḊAL
95
ment, taken from the current pub¬
lic press contemporary therewith,
embracing 26 years, all of which
we have on file.
Everything points to a big suc¬
cess for the Oireachtas. Every I¬
rishman from Dublin to New Zea¬
land should take pride in this pec¬
uliar National festival, the only
Irish festival which recalls the glo¬
ries of by gone days, and an earn¬
est of their revival.
DEIR FÁINNE AN LAE. —
'Árduiġmís ar g-croiḋṫe a ċáirde
Gaoḋalaċa. Bíoḋ muiniġín againn as¬
ainn féin — sin an rud atá uainn. Is
mór an ċaḃair an ṁuiníġin sin ⁊ is lag
aon dream 'n a h-éagmais.
D'ar n-dóiġ, ag feuċaint siar ar
Ċlannaiḃ Gaoḋal, is minic is éigean
dóiḃ a ráḋ — "Caidé mar ṫuiteadar na
treoin!" Is fíor-nádúaṫa sain ar
uairiḃ & is ceart. Aċ ní ḃiaḋ & ní
beaṫa gaċ aon lae 'san t-seaċtṁain a
leiṫid sin de smaointiḃ. Ḃeiṫ de gnáṫ
ag feuċaint siar go duḃaċ duḃrónaċ,
ag caoineaḋ sean-uaisle & sair-ċéime
ar sinsear — ní ċuirfiḋ sin ar ar leas
ċoiḋċe sinn. Ní fiú ḋúinn an míṁis¬
neaċ do ḃeaṫuġaḋ. Is millteaċ an rud
é. Ní'l coṁara is cinnte ar ḋíomḃuaiḋ
ná ḃeiṫ ag síor-ḃraṫ air.
D'ar n-dóiġ, is fíor-olc an rud aduḃ¬
raḃar baoṫaigeantaċ fiaḋain failiġeaċ
aċ maiseaḋ, ní lúġ' de ṫoirmeasg síor-
uṁalaċt lad-ḃriġeaċ gan ċúis gan ċéill.
Má ṁeasann duine gur truaġán gan
tairḃe é féin, is goirid go n-glacfar ar
a luaċ féin é, & is mar sin do náisiún
leis.
'Seaḋ nois ! is miṫid dúinn éirġe in
ar seasaṁ, & feuċaint róṁainn go
deaġḋóċasaċ. Ná bíoḋ ár & easḃaiḋ,
ruaig & raon maḋma, tuitim taoiseaċ
& leagaḋ leoṁan os cóṁair ar n-aigniḋ
i g-coṁnuiḋe. An aṁlaiḋ creidimís an
trom-ṫeastas úd tugaḋ ar Ġaoḋalaiḃ
fad' ó — "Do ṫriallaidís ċum caṫa aċt
do ṫuitidís gaċ tráṫ?" Muna g-creid¬
imíd sin, ná leigimís orrainn go gcreid¬
imíd. Ná leigimís orrainn gur briseaḋ
an caṫ orainn ar fad i d-treó na fuil
de ṡeilḃ againn fa 'n am so aċ osnaḋ
& gárṫa caointe. Mar deir an file
Galda —
Má d'imṫiġ mórċuid, fann mórċuid fós
Cé naċ linn feata 'n neart a ċroiṫ ó ċéin
Neaṁ & talaṁ, támuid mar atámuid"
Sguirimís de ṡíor-ṁaċtnaṁ ar ar
ċailleamar. Tá a ṁalairt do ġnó le
deunaḋ againn, & deunfam é le congna
Dé. Tá orainn a ḃ-fuil againn anois
do ċosnaṁ & do ċur ar aġaiḋ.
Táid daoine ann ṁeasas gurab as
an ḃfeuċaint siar úd ar na h-aimsiriḃ
do ċuaiḋ ṫorainn éireas an t-easḃaiḋ
briġe & spiride atá d'r mbruġaḋ. Ní
mar sin é. Má ḟeuċaimid siar i g-
ceart, ċífeam naċ gáḃaḋ ḋúinn ḃeiṫ
faon-dóċasaċ. In a ionad sin is aṁ¬
laiḋ ḃeiḋmid mórḋálaċ. Ní'l Éire im¬
ṫiġṫe fós. Tá a teanga séin, a smaoin¬
te féin, & a nósa féin aici sós. Buḋ
ṁaiṫ leis an náṁaid a ṡaoileaċtan go
ḃfuil mór-ṁaicne Mílead ag leaġaḋ
mar ċuḃar na h-aḃann. Ar ar gcumas
féin atá a ċosg sin anois. Fúinne 's
fad do fágaḋ an toġa. Glacaimís
meisneaċ & is cinnte an gardam."
The Gael can now be bought of the news stand
in the following places. —
J F Conroy, 167 Main St. Hartford, Conn.
D P Dunne, Main St. Williamantic, do.
G F Connors, 404 Main St. Bridgeport, Conn.
Mrs Dillon, E Main St. Waterbury, Conn.
M McEvilly, Wilmington, Del.
W Hanrahan, 84 Weybasset, st. Providence R
J H J Reilley, 413 High st. do.
J N Palmer, P O Building, Tomah, Wis.
M J Geraghty, 432 West 12th st. Chicago, III.
J Dullaghan, 253 Wabash Av. do
H Radzinski, 283 N & 2863 Archer Av. do
H Connelly, Cohoes, NY.
Mr. Ramy Springfield, III.
Mrs Woods, Jacksonville, do.
Mr Gorman, Joliet, do.
C. Schrank, 519 South 6th. St. Joseph Mo.
M H Wiltzius & Co. Milwaukee, Wis.
G T Rowlee, 133 Market St. Paterson N J.
Catholic Publishing Co. St. Louis Mo.
E B Clark, 1609 Curtis St. Denver Colo.
John Murphy & Co. Publisher, Baltimore, Md
T N Chappell, 26 Court St. Boston, Mass
Ed. Dekum, 249 Washington st. do.
Send 60 cents for the Gael, for a year.
