96
AN GAOḊAL
AḂA NA BLÁRNAN.
(Ó Imṫeaċta an Oireaċtais)
Maidin aoiḃinn aoraċ
Ar uair na maidne am' aonar,
Ar ḃinsín ġlas an ġaorṫa,
Ba néaṁraċ snód;
Cois aḃann na Blárnan séiṁe
Mar' mbíoḋ báid 's coite maola,
Do ḃí flúirse de na h-éisg ann
'S an eala ġeall ar snáṁ;
I lúiḃ na coille craoḃaiġe,
Gan luasga ó 'n ngaoiṫ ar aon rud,
Ḃíoḋ lonnraṁ soillse Pheobus
Ag téarnaṁ ar neoin;
Bíonn mil 's cíor le ċéile
Ag meaċa' ag teaċt go tréanṁar,
's gaċ meas d'a ṁilse ar ġeugaiḃ
'Na ṡloadaiḃ go feor.
Bíonn an ḟuinseog ġeal ag teaċt ann,
An ḃeiṫ, an ḋair, 's déil ann;
An cuileann garḃ craoraċ
'S a ċaor mar an rós;
Bíd ag teaċt ó ṗréim ann
Ó ḃun go ḃárr le ċéile,
Gan ċor gan ċam gan éislinn
Aċt do-ġéantaḋ an ċrann seoil.
Bíonn an ḟiaḋ 's an eilit ṁaol ann,
'San ling aco go tréanṁar,
An míol buiḋe, an broc 's a ċaol-ċneas
Go laeṫeaṁuil ċum spóirt:
Bíonn an long ag teaċt ó 'n treunṁuir,
'S píolóití d'a h-aoġaireaċt,
An rí 's a ḃuiḋean le ċéile
Ag deunaḋ aer ar a ḃórd.
Bíonn an lon, an druid, 'san ċéirseaċ,
Is smólaiġ ḃreaca taoḃ leis,
An ċuaċ ḃuiḋe ṡuas ar ċraoiḃ ġlais,
Is na h-eunlaiġ na gcóṁair,
Bíonn an ṗiaċóg 's an píḋeaḋ ann,
An colúr agus an naosgaċ,
An traġna ag laḃairt 'san ngaorṫa
'S gan traoċa ar a ġlór.
Bíonn an fiolar ar ḃárr geug ann,
Is fiaċa mara taoḃ leis.
'S gaċ eun eile d'a mb'ḟéidir
Le neaċ léiġeaṁ ar a ṡórt:
'S gur binne a dtiuin le ċéile
