102
AN GAOḊAL.
AIG TÚS AR g-CAIDREAḊ.
Fonn — a Ṗadtruic teiṫ uaim.
Aig tús ar gcaidreaḋ 's tú óg-ḃláṫ
Ḃíḋis ċo fial a n-gealltaiḃ,
Ar ċosaṁuil dóiḃ ḃeiṫ fíór gan scáṫ,
Nár smuaineas do ḃeiṫ meallta.
'N éis tú ḃeiṫ aṫruiġṫe, d'ḟan síor-ḃeo,
Mo ṁuiniġin asad gan faonaḋ,
Dá ḃ-feallfaḋ air an t-saoġal go deo
Uaim féin naċ n-déanfá claonaḋ;
Aċt imṫiġ leat, ḟir ċaim na m-breug,
Is cóir an croiḋe ḃeiṫ briste,
Do ċuirfeaḋ dóiġ arís go h-eug
A g-cluainaire ċo cliste-
Trá ḃí gaċ beul aig luaḋ do ḃaois,
B' olc liom an sgeul duḃ gráineaṁuil,
Nó ṫargair mé go sgeiṫfeaḋ aois,
Glóir, as an óige ċáineaṁuil,
Duit ḃí seasṁaċ, buan mo ġráḋ,
'Nuair ḃí do ċáirde glonnṁar,
'S do ċroiḋe tá le do ċluain' ċráḋ
A ḟuil ḋóirtfeaḋ ḋuit go fonnṁar
Aċt imṫiġ leat, ḟir ċluanaiġ, ċaim,
'S ó 'n t-séis a ḃ-fuilir báiṫte,
Aig dúsaċt, tuitfir anns an am
Geur aṁgar croiḋṫe, cráiḋte.
Ní feicfear leus na h-aois' sa trá
Ḃ-fuil aig bláṫ na h-óige tréigṫe,
Ṫeiṫ an dream, aig a raḃ ort gráḋ,
'S tá ort gráin ó luċt do ḃreugaḋ.
Measg tráill, tá fleaḋ antráṫaċ na h-oiḋċe
'Ga roinn gaċ téagar saoiṫeaṁuil,
'S mar leus air uaiṁ, ḃ-fuil bás ann faoi,
Tá 'smige fuar neaṁ-ċroiḋeaṁuil,
Imṫiġ : 's dá m-beiḋeaḋ air do láiṁ
Ór a's táinte 'n doṁain,
Ní ṫiúḃrainn deor de ġol ġlan ṡáiṁ,
Air do ṡaiḃreas olc, mar róġain.
'S b' ḟéidir go d-tiocfaḋ, ''cluanaiġ, an lá,
'M-béiḋ na cuinge so ḟéin 'ga m-briseaḋ,
A m-béidir aig blaoḋaċ gan feiḋm le cráḋ,
Air an té ḃeiḋeas ort aig cliseaḋ.
Té ḃeirfeas ḋuit-se fuil a ċroiḋe,
Trá, ḃeiṫ fágṫa leunṁar.
Aig taisbeáint ḋuit gur ṫuill tú 'n ġnaoi
Ḃí aici ort 's tú seunṁar,
Uaim, uaim! mallaċt duit ní fiú,
D' imḋeargaḋ 's nidh cráiḋte,
Fuaṫ féin ní aṫċuingeoċaḋ ḋuit mí ċliú.
Ċo trom a's táir ann báiṫte.
