(35)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11.
IUIL.
1898
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
(Leanta)
'nna dtimċioll ⁊ fuair siad go raḃaid
i dtír breáġ a raḃ a lán tiġṫeaḋ agus
daoineaḋ ⁊ eallaċ ⁊ crainn innti, ⁊ ba
ṁaiṫ leo sin d'ḟeicsint. Ḃí deataċ ag
tosuġaḋ do ṫeaċt amaċ as na tiġṫiḃ
⁊ ḃí na daoine tosuġaḋ ar a n-obair.
Ċuir siad ceist ar an gceud ḟear a
casaḋ orra, ⁊ d'ḟiafruiġ de an raḃaid
a ḃfad ó 'n Frainc, ⁊ cad é 'n bealaċ
buḋ ċóir dóiḃ dul le teaċt ann. Rinne
an fear gáire, ⁊ níor ḟreagair sé iad
Ċuaiḋ siad ar aġaiḋ arís ⁊ casaḋ
fear eile orra, ⁊ d'ḟiafruiġ siad an
rud ceudna ḋe-sean.
"Ca ḃfuil siḃ ag dul?" ar sé, "Dul
go dti 'n Ḟrainc," arsa Goillís, ⁊ ca
ḃfuil siḃ anois?" arsan fear, "ní'l ṡios
agam," a duḃairt Goillís. "Naċ ḃfuil
ṡios agad go ḃfuil tú annsan ḃFrainc
anois?" arsan fear. "Sin sgeul maiṫ,
ar Ġoillís, "ní raḃ ḟios agam sin." ⁊
ċaiṫ sé a ḃireud suas san aer le luṫ-
ġáire ⁊ le sásuġaḋ inntinne.
"Ní fada 'nois le congnaṁ Dé go m-
béiḋ tú air ais in do ṗálás arís," aċt
ní luaiṫe duḃairt sé sin ná ṫainic brón
air, óir ṡaoil sé leis féin, "Ċo luaṫ 's
ġeaḃfaiḋ sé í féin ameasg na ndaoine
mór deunfaiḋ sí dearmad orm-sa, ⁊
ní ċuiṁneoċaiḋ sí aon rud d'a ndeár-
na mise ḋí."
Ċuir siad a dtuairisg in sin le fáġ-
ail amaċ cad é 'n t-sliġe do ḃéarfaḋ
go pálas riġ na Fraince iad, ⁊ fuair
