114
AN GAOḊAL.
siad naċ raḃ a ḃfad le dul acu.
Ḃí airgiod go leor acu anois, mar
líon siad a bpócaiḋ sul d'ḟág siad
uaiġ na robálaiḋe, & ċeannuiġ Goillís
ḋá ċapall maiṫ ḋó féin & do 'n ċailín,
& in sin ní raḃ siad a ḃfad ag fágḃáil
an ḃóṫair 'na ndiaiġ, & ní raḃ stop ná
stad acu go dtainic siad i gceann
seaċtṁaine eile go dti an ċaṫair in a
raḃ an pálás Ríoġaṁuil, agus ċualaiḋ
siad go raḃ an riġ & an ḃainrioġan
ann
Aċ ċo luaṫ & fuair an bean óg go
raḃ sí ag geata an Baile-ṁóir, & naċ
raḃ le deunaḋ aici ach siúḃal asteaċ,
ṫosaiġ sí ḃeiṫ go ro ṁío-ṡuiṁneaċ & ḃí
sí eidir ḋá ċóṁairle, gan ṡios aici cad
buḋ ċóir di a ḋeunaṁ mar ḃí faitċíos
uiri go bpósfaḋ a h-aṫair í leis an ḃ-
fear buḋ ġráin léiṫe, & go mbuḋ éigin
di ċur suas do Ġoillís, rud nach ndeun¬
faḋ sí dá ḃfuiġeaḋ sí saiḋḃreas agus
ór an doṁain, mar ḃí sí taḃairt gráḋ
do Ġoillís anois ċó mór & ḃí Goillís a
taḃairt gráḋ ḋí-se. Ar an áḋḃar sin
ṡeas sí ag geata 'n Ḃaile-ṁóir & ġlac
sí cóṁairle le Goillís creud buḋ ċóir
dí a ḋeunaṁ, & buḋ é sin an ċeud uair
a ṫug Goillís faoi ndeara go raḃ fíor
spéis ag an ógṁnaoi ann féin.
"Má ġlacfaiḋ tú mo ċoṁairle, a in¬
ġin-an-riġ," ar sé, "racamaoid go teaċ
éigin & sgríoḃfaiḋ tú leitir ċum an rí
as an teaċ sin, & déarfaiḋ tú leis go
ḃ-fuil tú saor arís, aċ go dtug tú do
ṁionna naċ ḃfillfeá go bráċ, nó go m-
beiḋeaḋ briaṫar an riġ agad naċ gcuir¬
feaḋ sé d'ḟiaċaiḃ ort an fear sin do
ṗósaḋ naċ maiṫ leat féin; & taḃair an
leitir sin daṁ-sa & ḃéarfaiḋ mise do'n
riġ í, & creid mé go ndeunfaiḋ sé an
rud atá tú 'g iarraiḋ, & go mbéiḋ do
ṫoġaḋ féin agad feasta."
Buḋ ṁaiṫ an tsliġe í sin, & ġlac sí
an ċoṁairle sin, & sgríoḃ sí leitir do
'n riġ, & d'innis ḋó go raḃ sí saor arís
réis beagnaċ ḋá ḃliaḋain do ċaṫaḋ 'd
tír ċoiṁiġṫiġ, & ag innsint ḋó, go foll¬
usaċ, go raḃ faitċíos uirri filleaḋ d'a
ṗálás, ar eagla go gcuirfeaḋ d'ḟiaċaiḃ
uiari fear nar ṁaiṫ léiṫe féin a ṗós¬
aḋ, & má gníḋ tú sin, ar sise, annsan
leitir, tuitfiḋ mé arís faoi ċúṁaċt na
Síḋeog a rug leo roiṁe seo mé, & ní
ḟeicfiḋ tú mé a ċoiḋċe nó go ḃfáġ' mé
do ṁóid & do ṁionna go léigfiḋ ḋam
deunaḋ mar is mian liom féin. Má tá
tú sásta sin a ḋeunaṁ tig leat freag¬
raḋ a ċur ċugam leis an teaċtaire
ceudna a ḃéarfas an litir seo ḋuit-se
Ṫug sí 'n leitir do Ġoillís & duḃairt
sí leis ḋul do'n ṗálás & a taḃairt do
'n riġ féin, & dá gcuirfeaḋ an riġ ceist
ar biṫ air, ḃí sé le leigint air go raḃ
sé balḃ. Nuair a ḃéarfaḋ an riġ freag¬
raḋ ḋó, ḃí sé le ḃeiṫ ar a ċoimeud naċ
leanfaḋ duine ar biṫ é, ar eaglaḋ go
gcuirfeaḋ an riġ spíodóiriḋe ar a lorg
a ġeaḃfaḋ amaċ an áit in a raḃ an
ḃain-ṗrionsa.
Ġeall Goillís dí go ndeunfaḋ sé sin,
& rinne. Ṫainic sé go teaċ mór an riġ
& d'ḟan sé anaice leis an doras mór
ar feaḋ leaṫ an lae, go ḃfacaḋ sé an
rí & a ċúirt teaċt amaċ. Nuair ċon-
nairc sé sin, léim sé ṫríd an ngárda
a ḃí tiṁċioll an riġ, ċuaiḋ sé ar a ḋá
ġlún, & ċuir sé an leitir in a láiṁ féin
D'ḟosgail an riġ an litir le deifir &
léiġ sé í, agus ṫainic iongantas air i
rioċt gur air éigin d'ḟeud sé seasaṁ,
d'ionntaiġ sé go Goillís.
"Cia ṫú ṫein, a ġiolla," ar sé,"agus
cá ḃfuil m'inġean?"
Leig Goillís a ḋá ṁeur ar a ḃeul le
taisbeáint do 'n riġ naċ raḃ laḃairt
aige; & leig sé osna trom, & ḃí a ḋá
ṡúil greamuiġṫe in eudan an riġ.
"Ḃfuil tú balḃ?" ar san riġ leis.
Rinne Goillís coṁarṫa le h-innsint
ḋó gur b'aṁlaiḋ ḃí sé.
Ṫug an riġ leitir do in sin le taḃ-
airt d'a inġin.
"Taḃair í sin leat go cúramaċ do'n
ṁnaoi a ṫug an ċeud litir ḋuit-se," ar
sé, "agus ná bí mall leis."
D'imṫiġ Goillis, agus níor ṡiúḃal sé
aċ riṫ, agus ní riṫ aċ léim a ḃí aige,
agus é ag imṫeaċt mar an ngaoiṫ nó
go dtainic go dti an inġín, agus ṫug sé
an litir dí,
Duḃairt an riġ insan litir sin naċ
n-iarrfaḋ sé ċo fada agus ḃeiḋeaḋ sé
