(36)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
LÚĠNÁS,
1898
Taḋg O'Caṫáin agus an Corpán
Do ḃí buaċaill óg gasta, láidir ann
aon uair aṁáin, i gcondae Liaḋdruim,
mac feilmeóra saiḋḃir, ⁊ buḋ buaċaill
sgiaṁaċ, misneaṁail é.
Ḃí a lán airgid aig a aṫair ⁊ níor
spáráil sé ar a ṁac é. Mar sin nuair
d'ḟas an t-ógánaċ suas, b'ḟeárr leis
go mór spóirt ná obair, ⁊ mar naċ raḃ
aon ċlann eile ag a aṫair do ḃí an oir-
ead gráḋ aige air an mbuaċaill seo
gur leig sé ḋó rud ar biṫ buḋ ṁaiṫ
leis a ḋeunaṁ. Ḃí sé an ċaiṫteaċ, ⁊
sgapaḋ sé airgiod óir mar sgapaḋ
duine eile an t-airead geal. B'anaṁ ḃí
sé le fáġail in san mbaile, aċ dá m-
beiḋeaḋ aonaċ no cruinniuġaḋ no mar¬
gaḋ i ḃfoisge deiċ míle ḋó, is ann do
ḃí tú lán ċinnte a ḟáġail. Agus buḋ b'
anaṁ ċaiṫ sé an oiḋċe i dteaċ aṫar'
aċ ḃiḋeaḋ sé amuiġ, ag "rugaireaċt"
no ag "áirneán" ó ṫeaċ go teaċ in san
oiḋċe.
Ḃí sé sgiaṁaċ ⁊ ní raḃ cailín in san
dtír naċ raḃ i ngráḋ leis. Mar Ṡeáġ-
an Glas, fad ó ṡoin, "Bí gráḋ gaċ cail¬
ín i mbrollaċ a léine, agus b' iomḋa
póg ṫug sé ⁊ fuair sé Mar sinn riġne
duine éigin an rann seo air:
Feuċ an rógaire 'g iarruiġ póige,
Ní iogantantas mór é ḃeiṫ mar atá
Ag leanaṁuint i gcoṁnuiḋe d'áirneán
na gráinneoige,
Anuas 's aníos 's nna ċodlaḋ 'sa lá-
D'éiriġ sé air deire an-ḟiaḋáin, ⁊
mí-riaġalta; ní raḃ sé le feicsint lá
no oiḋċe i dteaċ aṫar, aċ a gcóṁnuiḋe
ag rugaireaċt, agus ċraiṫeaḋ na sean
daoine a gcinn, ⁊ ḋeireaḋ siad le ċéile
