AN GAOḊAL.
133
D'a g-ceoltaḋ binn',
Tá an náṁaid aig bagairt
A's go gcailleaḋ sé meaṁair a ċinn
Níor ṫuill sé deáġ ṗaidir,
An tsean náṁaid ġránna, ḃuiḋe;
Ní beannaċt aċt mallaċt
Atá d-taisge ḋó lár ar g-croiḋe;
Is ioma fear, bean 's leanḃ
D' ḟág sé lag, fann, gan ḃriġe,
Agus na mílte sagart do ṡín sé
Le n-a lainn san tsliġe.
An slusaiġe Seáġan Sacsan,
Béiḋ cuiṁne air aġnioṁ go bráṫ,
Faṫ gur ṁarḃuiḋ sé leanḃaiḋe
A's sean-ḋaoiniḃ criona láġaċ,
Aċt an tráṫ castar leis gastra
Atá neaṁ-eaglaċ, treun, tír-ġráḋaċ
Tig sgannraḋ air an ngaduiḋe,
A's preabann a ċroiḋe roiṁ ċáċ,
Leaġaḋ air an Sacsan,
Nar ṁailíseaċ, cam a ḋliġe,
Aig deunaḋ ár 's dí-ċeannaḋ,
Buḋ cuma leis lá no oiḋċ',
Ḃí fuil na neaṁ-ċionntaiġ gan falaċ,
Smearṫa ann gaċ áit d'a ṡliġe,
Do ṡil ar ċréaċdaiġ na mairtireaċ
A d'ḟág sé gan ceann na croiḋe.
Ġeárr sé an croiḋe as an easbog ḃí
Taḃairt teagasg na ngrás d'a ċloinn,
Aċt níor ḃ-fuair sé an t-anam
Ḃí an t-aingeal air láiṁ go glinn;
An ċulaiḋ orḋa aifrinn do ċaiṫ sé
Air snáṁ san linn,
Anóis tá Oscar d'a ġreadaḋ
Agus deataċ ṫre bárr a ċinn
B'iad treaḃ Ṫanraoiġ ag Cluan Meala
Ḃain an deáġ Aṫair Daiḃiḋ ḋinn,
Béiḋ Cromṁell 's Bagnell i n-aiṁréiḋ
Go bráṫ faoi 'n tuinn —
Ġeárr siad sgornaċ an t-sagairt
Do ġráḋuiḋ an t-aifrionn binn,
Agus ċuir a ċeann ar ḃárr sparra
Gan fasgaḋ, gan sgáṫ, gan díon.
Do ṫriall Ṫanraoiġ agus a leanḃ
Ċum an ġrianain le fánaḋ síos,
Ċuaiḋ Cromṁell d'a ḃ-faireaḋ,
'S nár ċasaḋ go bráṫ a níos,
Aċt taréis téarma fada
Do ṫug sé cead fáin do 'n dís,
Anois mo ḋíl ċáirde bí aireaċ,
Tá Bettie air gárda 'rís.
