134
AN GAOḊAL
MOLAḊ NA GAOḊAILGE.
Pádraic O'Caṫasaiġ ro ċan.
Is mairg naċ g-canann teanga a ḋúṫċaiġe féin,
Ḃeirim an bárr a's an "barra" air maidin, go bráṫ do 'n Ġaoḋailg;
'S í is gléiṫe air an d-talaṁ, ní'l a saṁail le fáġail faoi 'n spéir,
Is binne í ná an Laidean, tá a h-ainm go h-árd 'san Ġréig.
Ḃíomair acfainneaċ, meanmnaċ, lúṫṁar, tréan,
Fuireamair teagasg ó ṡagairt ár n-dúṫaiġe féin;
'S iad léiġeann an t-aifrean a's do ċanann soisgéal Ṁic Dé,
Mar 's é d' ḟosgail na flaiṫis d'ár n-anam i meáḋon an lae.
Do ḃíomair tamall gan caraid gan leaḃair gan léiġean
Do dóġaḋ a's do scréacaḋ iad i n-oileán glas bínn na naoṁ ;
D' ḟágadar dealḃ sinn, go h-atuirseaċ, cráiḋte i b-péin,
S 'nuair do coisgeaḋ ár d-teanga orainn, ċailleamar go leor de 'n Ġaoḋailg
Ċuireadar leaṫ-ċoróin airgid air ṁadra lúṫṁar géar,
Do ḃí 'gam mar ṫeaċtaire ag casaḋ na m-bó ċum féir,
'N uair ṫigeaḋ an t-eadearṫa ċuirinn bainne 'na ċóṁair 'san ṁéis,
Agus "mingionsaiḋe" dearga go fairsiog sé ḃráid a béil.
Tá 'n báire ag casaḋ a's is gearraid go n-ólfam braon,
Ráiġeam aḃaile agus tógfam arís an ċraoḃ,
Cuirfeam na Bretain faoi ṫalaṁ go tláiṫ 'san ċré,
Agus árdóċam ar m-brata le h-uírim do Gráinne Ṁael.
Sul ar ṁeallaiġ an ḃeaṫa do ḃeaṫaiġ sí leoin a's báird,
Agus Eoġan Ruaḋ an file 'sé ċumaḋ go bínn an dán,
Do ṁol sé an t-Soinnean an t-uisge agus cúḃar na tráġa,
Agus barr na m-bruingeal ba ġile do ṫí le fáġail.
Do ṁol sé Hélen an réilteán ba ḃreáġṫa grínn,
Do ṁol sé a balsa, a teanga, a cliaḃ 'sa croiḋe;
Do ṁol sé a mála, a leaca, 'gus cuaċa a cínn.
Mar ní ḟeicfear a saṁail air an d-talaṁ go bráṫ arís,
Do ṁol sé an seannaċ, an ġealaċ, 'san ġrian go h-árd,
'S an míol-buiḋe fireann do riṫfeaḋ le fiaḋ air bán,
'N uair ḃeaḋ sgíre do ċonaiḃ air buille 'na ḋiaiġ ag táḋaċt
Agus iad d'a ċluiṫeaḋ tré ċumair i g-cúil a liodáin.
Is duine boċt mise 's ní'l sgiling ná rúnt am sparán,
Ólaim mo ġluinne ('s í ḟliuċánn mo ċroiḋe go breáġ);
I ḃ-foċair na m-bruingeal, a's ní ḋéanann an ċíos mé ċráḋ
Agus áireoiġiḋ siḃ tuille má ċuirṫear i g-clóḋ mo ḋán.
