AN GAOḊAL.
141
SGELTA M'AṪAR MÓR.
le P. A. Dóṫċair
Do rugaḋ mé in Éirinn —
Tá mo bliaḋanta 'nois ḋá scór;
M'aṫair, fuair sé ḃás ó ṡoin,
Aċ tá mo ṁáṫair beo go fóill;
Is iomḋa niḋ ar smuain mé air
Ó d'ḟág mé iad a m-brón,
Go h-áiriġṫe na sgeulta breáġ
Fuair mé ó m'aṫair mór.
Táim anois 'san Oileán Úr —
Tír ṁaiṫ, saor 's slán,
Ionna ḃ-fuil ceolta siansaṁuil
Le aḃráin grinn 'gus dán;
Nuaiḋeaċt a's sgeulta 'n doṁain ann,
'S a daoine geanaṁuil, cóir,
Aċ ní'l ionnta an sásaḋ
Mar sgeulta m'aṫar mór.
Is iomḋa uair de m'ógántais
Do ċaiṫ mé air a ġlúin —
'Sis iomḋa uair do ċuimil se
Mo ċeann go cionaṁuil, ciúin;
Is iomaḋ uair do ráḋ mar seo,
"A ṁalraiġ na n-dualaiḋe ór,
Cuiṁneoċaiḋ tú 'sna bliaḋanta teaċt
Air sgeulta d'aṫar mór.''
Do laḃair sé i nGaoḋailge liom,
Is ċáin sé an Béarla cam;
Buḋ h-iongantaċ, maiṫ an tuigsint
Do riṫ ṫré n-a ċeann;
Duḃairt sé go m-bioḋ aiṫṁeul orrainn,
'S go g-caoinfeamuid go leor, —
Ó sin tuigim ṫré na briaṫra
Ḃí i sgeulta m'aṫar mór.
Ṫaisbeáin sé ḋam e ċloiḋeam ġeal
Ḃéarfaḋ solus ins an oiḋċ',
A ġunna 'gus a ṗíce
Ḃí foluiġṫe ins an tuiġe
Ráḋ, "Seo é 'n gleus ṫaitniġeas liom,
'Gus nearta le onóir" —
Buḋ é sin cuid de 'n ċóṁráḋ
Agus sgeulta m'aṫar mór.
Nuair luiḋim ar mo leabuiḋ
Dul a ċodlaḋ ins an oiḋċ',
An ċeud rud a smuainim air,
'Réis aṫċuinge do Ḋia,
'Guiḋe sonas dom' ḋaoiniḃ :—
Ó Ḋia! aċ sé do ṫoil is cóir!
Tá mé fuadaiġṫe 'r m'ais go h-Éirinn
Lé sgeultaiḃ m'aṫar mór!
