(37)
13Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
SEAĊT-ṀÍ,
1898
TAḊG Ó'CAṪÁIN ⁊ an CORPÁN.
(Leanta)
ċualaiġ sé caint móran guṫ, ⁊ torann
na g-cos, ar a m-bóṫar amaċ uaiḋ.
"Ní feasaċ mé cia ḃeiḋeaḋ amuiġ
ċo deirionnaċ insan oiḋċe," ar sé, "⁊
ar ḃóṫar uaigneaċ mar so." Ṡeas sé
ag éisteaċt, ⁊ ċualaiḋ sé glórṫa mór-
án daoine ag laḃairt ṫré n-a ċéile, aċ
níor ṫuig sé creud a ḃí siad ag ráḋ.
"Muire maise!" ar sé, "tá faitċíos
orm! ní Gaeḋeilg na Beurla tá siad a
laḃairt; ní féidir gur Francaiḋ iad!"
Ċuaiḋ sé cúpla slat ar aġaiḋ agus
ċonnairc sé go maiṫ le solus na geal-
aiġe, broscán de ḋaoiniḃ beaga 'teaċt
os a ċoinne, ⁊ ḃí siad ag iomċar rud
éigin mór trom iona measg.
"O mo leun!" ar seisean, leis féin,
"ní féidir gur b' iad na daoine maiṫe
atá ann."
Ṡeas gaċ ribe gruaige ḃí ar a ċeann
suas ; ⁊ ṫainic craṫaḋ in a ċnáṁaiḃ.
Ḃí siad ag teaċt ċuige go luaṫ.
Ḋearc sé orra arís ⁊ ṫug sé faoi n-
deara go raḃ bunáite fiċe fear beag
ann, ⁊ ní raḃ fear ar biṫ acu ní b'áir-
de ná trí troiġe no trí troiġe go leiṫ.
Ḃí cuid acu liaṫ, agus d'ḟeuċ siad an
t-sean. Ḋearc sé arís, aċ níor aiṫniġ
sé go ceart cad é an rud trom do ḃí
ag iomċar, no go d-tainic siad suas
leis, ⁊ ṡeas uile 'nna ṫimċioll. Ċaiṫ
siad an rud trom ar an mbóṫar agus
ċonnairc sé 'r an mball gur corp marḃ
é.
D' éiriġ sé ċoṁ fuar leis an Eug, ⁊
