6
AN GAOḊAL
MIANAS
Leis an nGaḃar Donn.
Tá 'n ḟearṫainn ag tuitim, is duḃ an lá,
Aċt feicfear na bláṫa 's an saṁraḋ breáġ,
Béiḋ ceol a's aoiḃneas ar feaḋ an lae,
Ag ruagaḋ ar mbróin uainn le cúngnaṁ Dé.
Le cúngnaṁ Dé béiḋ na páistiḋe fós
Ag imirt ar ḃruaċaiḃ na mara, nós
Do ċleachtamar féin dob' óg an croíḋe;
Do ṡeinn sinn go súgaċ — Is mé an riġ!
Is mé an riġ, Aċ! dob' ḟíor an ráḋ,
Gan cúram, gan doilġeas, gan gleo, gan cráḋ !
Hurráṫ! a riġ! buḋ ṁór do réim,
A ċroiḋe gan urċóid! a anam gan ḃéim!
Ḃí d'anam gan ḃéim ins na laethiḃ úd,
Do ċaiṫ tú do ḃeaṫa gan áird i gclúid
Na tíre dob' aoiḃne, 's buḋ sásta ṫú
Le d' riġeaċt, a ḃuaċaill! giḋ ḃeag do ċliú.
Giḋ ḃeag do ċliú, ḃí do speur gan ġruaim
Aċt d'imṫiġ an aimsir ḃreáġ úd uaim
A's uait-se a ċara! naċ brónaċ ḋuit
An lá do ḃí, a's an ḟearṫainn do ṫuit?
Selnnéid.
Leis an nGaḃar Donn,
Tá gáir ṁór ṫreun ag teaċt dam as an oíḋċe,
'S í gáir na ndaoineaḋ — táid faoi ḃrón d'a ḃriseaḋ;
Giḋ brónaċ iad, is brónuiġe, briste mise,
Óir moṫuiġim ionnaim brón an doṁain a ċoíḋċe.
Nuair ḃíḋim amaċ ag súḃal ar fad na críċe,
Síor-ċluinim gáir na n-eun ameasg na drise,
Gíḋ suairc, is doilġeasaċ ar uairiḃ ise!
Giḋ fuaim a ċluinim, tá innti brón a's fiċe!
A Ċríost! ḃí um do ċeann coróin na spíne,
A' d'ḟulaing tú gaċ pian a's cráḋ buḋ ġéire;
Ó ḟlaiṫeas árd ṡíor-ḃreaṫnuiġeann tú na daoine
D'a dteastuġaḋ ċum go mbeiḋid do ḋaoine gléire.
Ar neaṁ na mbeo, 's béiḋ árdaingeal gaċ líne
Do sgríoḃ dobrón na n-eudanaiḃ soilléire!
