AN GAOḊAL
11
etic effort by our old friend of Hol¬
liston. Also, a pin-picture of the
"guinea-pig" lordly blacklegs that
rob and murder our people. So
that, as Mr. Henehan said the oth¬
er night, "Every Irishman should
support the Gael if he were to put
it in the fire."
CAṪAIR ṖROINNSIAIS.
An cúigeaḋ lá de Ṁíṁeáḋain an
Ḟóġṁair, '92.
M. J. Ua Lóċáin :—
A Ṡaoi,
I ḃfíorṫosaċ, léig dom, le do ṫoil
buiḋeaċas do ṫaḃairt duit de ḃríġ
nar ḋeárnaḋ tú dearmad do ṗáipeur
tuigsionaċ do ċur ċugam ar feaḋ an
tamaill do ḃíos ag déanaṁ mo ḋiṫċill
beagán Gaeḋilge d'ḟáġail im' ċeann.
Is fíor dom a ráḋ go raiḃ fonn mór
orm cumas do ḃeiṫ agam ċum sgríoḃ¬
ṫa i nGaeḋilig sul do ċuirfinn litir i
dtriall ċugat. Biḋeann an Gaoḋal ag
teaċt do m'ionnsuiġ a gcoṁnuiḋe, &
mar sin féin gan íoc do ḃeiṫ agat air
agus gan fios agat, cad mar ġeall air.
Sin é an t-áḋḃar de, ṡuas.
Deirtear go nduḃairt m'aṫair breis
agus bliaḋain roiṁ fuair seisean bás
go ndúnfaiḋe a leaḃar go bráṫ gan
aon duine aṁáin do ċleaċta a
léiġeaḋ agus is mar sin do ḃí cuma 'n
ċáis an t-am d'eug sé agus ar feaḋ
bliaḋna beagnaċ 'na ḋiaiḋ sin, no go d¬
ti aon la de laeṫiḃ 'nuair ḃí mé ag
cuartuġaḋ imeasg na leaḃar i leaḃar¬
lann m'aṫar agus ṫainig moṫuġaḋ fios¬
raċ ar mo ċroiḋe i dtaoḃ cad é an
rud an Ġaeḋilig go ngráḋóċaḋ m'aṫair
í ċoṁ maiṫ sin.
Ní éigin dom a ráḋ go ḃfuair mé a¬
maċ é agus is féidir liom a ráḋ go ḃ¬
fuil eagla mór orm go rug mé ar
"Tartar."
Cuirim ċugat leis an litir seo rud
beag airgid ar son an Ġaoḋail.
Misi mac do ċarad, "Seanġualainn"
Uilliam G. mac ui Aoḋagáin.
A Ċáinde Ġaoḋail. —
Feicfiḋ siḃ ar ḋulṫaoḃ eile de
an Ġaoḋal an Ḃrataċ Ġealréaltaċ
aṫruiġṫe ó 'n Sacsḃeurla leis an Oide
tíorġráḋaċ, fóġluimte, an t-Aṫair O'
Graṁna. Agus ni misde a ráḋ gur
feárr go mór an t-aistriuġaḋ ná an
túsuġaḋ.
Uime sin, ótárla go ḃfuil níos mó d'
ar slioċd in Éiremór ná tá in Éire-
ḃeag, & gur cosaṁuil go mbéiḋid a meu¬
duġaḋ ann gaċ lá, buḋ ċóir dúinn an t¬
aḃrán tíorġráḋaṁuil sin do ċur i mea¬
ṁair & é a ṡeinim taoḃ le taoḃ le O'
Doṁnaill Abú & Éiriġe na Gealaiġe ar
gaċ ócáid ṡiamsaṁuil d'r gcumaoin.
Seinneann an gráḋuiḋe (gráḋuiġ¬
ṫeoir) maise & áilleaċt a ṡuiriḋeaċ de
ḃriġ go ngráḋuiġeann sé í; gráḋuiġ¬
eann muidne iṫir agus talaṁ na h-Éir¬
eann de ḃriġ gur b'iad áit ċoṁnuiḋe
ar n-aṫraċ leis na míltiḃ bliaḋan. Tá
ar slioċt a meuduaġaḋ, tá sé ċo meu¬
duiġṫe anois a's naċ ḃféidir leis tuill¬
eaḋ in Éirinn. Uime sin, caiṫfiḋ 'n bar-
raċas áit ċóṁnuiḋe ḟáġail in áit éigin,
agus is dóiġ linn gurab í Éireṁór an
áit sin. Mar sin, mar dúḃramar
ċeana, bu ċóir dúinn aḃráin ṫíorġráḋaċ
ar n-árais nuaḋa do ṡeinim ċo sponc¬
aṁuil agus ċo croiḋeaṁuil le aḃráin
ar sean d-tíora.
Tá an Ḃratach Gealréaltaċ againn
anois ó láṁaiḃ ar n-Óide féin — an t-
Oide tíorġráḋaċ, tig linn a ráḋ, do
ċuir a ṁarṫainn i gconntaḃairt ar alóir
ṫeangan a ṫíre. Seaḋ; tá an Ḃrataċ
Ġealréaltaċ i dtoṁas agus i mbriaṫ¬
air i gcuma naċ féidir leis an túsuġaḋ
do riġeaḋ.
OBITUARY
It is with profound regret that we have to record
the death of Madam Latady, of Mobile, Ala.
Madam Latady, whose maiden name was Mar¬
garet Dineen, was born in Cork, but came to New
Orleans at an early date, and thence to Mobile,
where she carried on the millinery business.
Madam Latady was a woman of excellent educa¬
tion, broad views, and a thorough Nationalist,
She was very much interested in the Gael, and its
firm supporter during life.
Madam Latady left considerable property, and
two sons, one a lawyer, the other an engineer. —
Requies cat in pace,
